Cead tugtha le haghaidh uasghrádú ar Ghléasra Cóireála Fuíolluisce na hAille

Tá Uisce Éireann ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall chun tacú le fás agus forbairt ar fud an chontae, agus an comhshaol agus soláthairtí uisce á gcosaint. 

Tá Gléasra Cóireála Fuíolluisce na hAille roghnaithe anois le huasghrádú mar chuid den Chlár Fáis   Bailte Beaga agus Sráidbhailte.

Cuirfidh an infheistíocht seo sa bhonneagar fuíolluisce áitiúil acmhainn bhreise ar fáil chun tithe nua a fhorbairt, agus cinnteoidh sí go leantar le fuíolluisce a chóireáil go caighdeán iomchuí.

Fógrófar sonraí faoi bhailte agus sráidbhailte eile a bheidh san áireamh sna míonna atá amach romhainn.

Dúirt Elaine Heneghan, Speisialtóir Réigiúnach um Pleanáil ar Aghaidh in Uisce Éireann: “Táimid sásta a dheimhniú gur tugadh cead don tionscadal tábhachtach seo chun acmhainn cóireála fuíolluisce a fheabhsú san Aill. Tabharfaidh sé seo buntáistí móra don cheantar trína chinntiú go bhfuil an bonneagar i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais an tsráidbhaile de réir mar a leanann sé ag fás.

“Is é cuspóir Chlár Fáis na mBailte Beaga agus Sráidbhailte tacú le fás i mbailte beaga agus sráidbhailte. Roghnaíodh An Aill tar éis comhairliúcháin mhionsonraithe leis an Údarás Áitiúil chun réimsí infheistíochta a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta.”

Leanfaidh an tionscadal ar aghaidh anois trí na chéad chéimeanna eile lena n-áirítear dearadh, pleanáil mhionsonraithe, soláthar agus ceadanna. Tabharfar nuashonruithe breise ar an mbuiséad agus na hamlínte do sheachadadh in am trátha.

Tá Uisce Éireann freagrach as bonneagar uisce poiblí agus fuíolluisce agus tá sé tiomanta do sholáthar uisce sábháilte agus íontaofa a sholáthar, an comhshaol a chosaint agus tacú le fás tithe agus gnóanna. Éileoidh tógáil, deisiúchán agus uasghrádú gléasraí cóireála uisce Uisce Éireann, gléasraí cóireála fuíolluisce, líonra uisce agus séarachais clár infheistíochta ilbhilliún euro thar blianta fada. Tá Uisce Éireann ag infheistiú €5.2 billiún sa tréimhse ó 2020-2024 i gcáilíocht agus acmhainn uisce óil agus fuíolluisce agus bonneagar nua.

Tá an Dréachtphlean Infheistíochta Caipitil faoi réir comhairliúcháin agus cinnidh deiridh ag rialtóir Uisce Éireann, An Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU). Tá an próiseas seo ar siúl go leanúnach. Tar éis é a chríochnú agus le ceadú ón CRU, tabharfar breac-chuntas ar mhionsonraí nuashonraithe na n-infheistíochtaí beartaithe i ngach contae sna míonna atá amach romhainn.