News

in
in
14 Mar 2022
Ukraine

Léiríonn Fine Gall dlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine

Mar chomhartha dlúthpháirtíochta le muintir agus le tír na hÚcráine, d’ardaigh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána O Rodaigh, bratach náisiúnta na hÚcráine inniu ag Halla an Chontae, Sord, i láthair ambasadóir na hÚcráine go hÉirinn, A Shoilse. Larysa Gerasko Uasal.

11 Mar 2022
community

Cur crann agus siúlóid chomórtha do mhná ar Lá Idirnáisiúnta na mBan

Bhí ríméad ar Oifig Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall a bheith in éineacht leis an gComhairleoir Mary McCamley, agus í ag déanamh ionadaíocht ar mhéara Fhine Gall agus an Príomhfheidhmeannach Annmarie Farrelly, i bPáirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir, chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh ar an 8 Márta agus solas a lonrú ar Chlaontacht Inscne agus Saincheisteanna Sábháilteachta do Mhná. 

11 Mar 2022
community

Gradaim do na Ceannairí is Nua i bhFine Gall ag Searmanas She Leads

Bhronn AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall agus an Comhairleoir Karen Power, Cathaoirleach Caucus Ban Chomhairle Contae Fhine Gall, Deimhnithe Gnóthachtála ar líonra nua ceannairí ag Searmanas Gradaim She Leads Fingal oíche Dé Luain.