Ceiliúradh bliantúil Lá Fhéile Pádraig chun Fine Gall a chasadh glas arís 

Agus paráidí Lá Fhéile Pádraig a bhfuiltear ag súil leo le fada le bheith ar siúl ar fud Fhine Gall ar an Déardaoin, beidh daoine ar fud an chontae amuigh ina sluaite chun gach rud Gaelach a cheiliúradh. 

Lá Fhéile Pádraig 22

Agus paráidí Lá Fhéile Pádraig a bhfuiltear ag súil leo le fada le bheith ar siúl ar fud Fhine Gall ar an Déardaoin, beidh daoine ar fud an chontae amuigh ina sluaite chun gach rud Gaelach a cheiliúradh. 

Is é téama na bliana seo ná “Oibrithe Riachtanacha”, a roghnaíodh chun buíochas a ghabháil leis na mílte ball foirne sa líne thosaigh as a n-obair chrua agus a dtiomantas iontach le linn na paindéime. Beidh gnóanna áitiúla, clubanna óige, clubanna spóirt, scoileanna agus eagraíochtaí eile ag glacadh páirte, agus spreagfaidh an Chomhairle rannphártithe a bheith neodrach ó thaobh carbóin de agus iad ag déanamh a mbealaigh feadh na mbealaí.

Chomh maith leis na paráidí, beidh imeachtaí ceoil beo ar siúl ag Draíocht agus in Ionad Ealaíon Séamus Ennis, agus beidh príomhfhoirgnimh ar fud an Chontae ag casadh glas freisin in ómós na hócáide. 

Mar is gnáth, tá fáilte roimh chách teacht agus taitneamh a bhaint as na himeachtaí ceiliúrtha éagsúla a bheidh ar siúl, agus na páráidí á reáchtáil i roinnt bailte. I mbliana, is iad seo a leanas na suíomhanna agus na hamanta tosaithe:

 

Sord  11.00 rn                             Lusca – 1.30 in

Baile Bhlainséir  12.00 in          Baile Brigín   2.00 in

An Ros – 1.00 in                           Na Sceirí   3.00 in

 

D'fhonn na paráidí a éascú, cuirtear in iúl do chónaitheoirí go mbeidh bóithre dúnta agus malairtí slí i bhfeidhm ag amanta éagsúla ar an Déardaoin 17ú Márta. Tá sonraí iomlána faoi na bealaí agus na bóithre dúnta ar fáil ar láithreán gréasáin na comhairle anseo.

Ar oíche Dé hAoine 18ú Márta, beidh imeacht speisialta tinte ealaíne agus cuimhneacháin ar siúl i Mullach Íde óna 8.00in. Beidh daoine a bheidh ag iarraidh féachaint ar an taispeántas in ann páirceáil saor in aisce a fháil ag Caisleán Mhullach. Beidh bóithre dúnta agus malairtí slí i bhfeidhm go dtí 9.00in, go háirithe feadh Bhóthar an Chósta ó Thrá Mhullach Íde go Port Mearnóg. Seiceáil le do thoil anseo le haghaidh sonraí.

Malahide Fireworks Irish