Comhairleoir nua Angela Donnelly arna chomhthoghadh chuig Comhairle Contae Fhine Gall 

Tá Angela Donnelly ó Shinn Féin comhthofa ag baill Chomhairle Contae Fhine Gall in ionad an Chomhairleora Aaron O’Rourke a d’éirigh as mar chomhairleoir mar gheall ar bhrú ama. Déanfaidh sí ionadaíocht ar Thoghcheantar Áitiúil Ongair.

Councillor Angela Donnelly

Tá Angela Donnelly ó Shinn Féin comhthofa ag baill Chomhairle Contae Fhine Gall in ionad an Chomhairleora Aaron O’Rourke a d’éirigh as mar chomhairleoir mar gheall ar bhrú ama. Déanfaidh sí ionadaíocht ar Thoghcheantar Áitiúil Ongair.

Mhol an Comhairleoir Ann Graves an Comhairleoir Donnelly agus thug an Comhairleoir  Breda Hanaphy tacaíocht di ag cruinniú míosúil na Comhairle i mí an Mhárta.

Chuir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh fáilte roimh an gComhairleoir nua chuig an gComhairle.

Ghabh an Comhairleoir Donnelly buíochas le Aaron O’Rourke as a sheirbhís do Chomhairle Contae Fhine Gall ó chomhthoghadh é dhá bhliain ó shin agus dúirt sé: “Is iontach an rud é a bheith mar chuid d’fhoireann ar Chomhairle Contae Fhine Gall ina bhfuil ceithre bhanchomhairleoirí. Tá sé an-speisialta foireann lánmhná a bheith againn.”

Ceapadh an Comhairleoir Donnelly freisin ar an gCoiste um Beartas Straitéiseach um Iompar agus Bainistíocht Bonneagair, ar Chomhchoiste Comhairleach Bainistíochta na Life Fhine Gall agus Bhaile Átha Cliath Theas agus ar Ghrúpa Stiúrtha Chrios Forbartha Straitéisí Pháirc Hans.