Borradh curtha faoi athfhorbairt Bhaile Brigín de réir mar a cheannaíonn an Chomhairle maoin thréigthe

Tá borradh mór curtha faoi athfhorbairt príomhcheantair Bhaile Brigín ó ghlac Comhairle Contae Fhine Gall seilbh ar roinnt foirgneamh sa bhaile mór.

The re-development of key areas of Balbriggan has been given a major boost with the acquisition of several buildings in the town by Fingal County Council.

Is éard atá sna foirgnimh atá i gceist ná grúpa foirgneamh tréigthe ar Shráid an Droichid, ar a dtugtar DeBruns orthu go háitiúil agus an Home Nightclub ar a dtugtar O’Sheas ag an gCuan freisin.

Shainaithin cuid mhór d’os cionn 4,000 duine áitiúil a ghlac páirt i suirbhé Ár mBaile Brigín athfhorbairt na Príomhshráide agus ceantar an Chuain mar phríomhthosaíochtaí d’fhorbairt an bhaile.

Cuirfidh ceannach O’Shea’s tús le hathshamhlú an cheantair chuain chun cé agus imeall an uisce bríomhar a chruthú, ag ionchorprú go leor deiseanna fóillíochta agus turasóireachta. 

Réiteoidh ceannach na bhfoirgneamh ar Shráid an Droichid an bealach le haghaidh athfhorbairt na Príomhshráide agus oscailt lár an bhaile go Páirc Millpond agus An Abhainn Dubh le taitneamhachtaí nua tírdhreachaithe. 

D’fháiltigh Méara Fhine Gall David Healy roimh an nuacht faoi cheannach na bhfoirgneamh agus creideann sé go gcabhróidh an athfhorbairt le saol agus rath nua spreagúil do Bhaile Brigín, an baile  is óige in Éirinn.

“Ligfidh do cheannach na bhfoirgneamh seo don Chomhairle conair ghlas nua a bhunú i gcroílár an bhaile ag leanúint An Abhainn Dubh trí Pháirc Millpond, trí Shráid na Cé athraithe go Cuan athshamhlaithe, ag cur go mór leis an spás poiblí do mhuintir na háite agus do chuairteoirí."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, gur comhartha soiléir é ceannach na bhfoirgneamh de thiomantas na Comhairle d’athfhorbairt Bhaile Brigín.

“Leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ar aghaidh le cur i bhfeidhm iomlán an Phlean Socheacnamaíoch do Bhaile Brigín.  Garsprioc ríthábhachtach is ea ceannach na bpríomhfhoirgneamh chun lánacmhainneacht an bhaile a bhaint amach mar thimpeallacht ardchaighdeáin le maireachtáil, gnó a dhéanamh agus am fóillíochta a chaitheamh ann.

“Tosóidh an chéim dhearaidh, phleanála agus soláthair don chéad chaibidil eile in éabhlóid cheantair Shráid na Cé/an Chuain agus na Príomhshráide sa bhliain amach romhainn. Sna blianta beaga amach romhainn tá an deis ag Baile Brigín forbairt ina bhaile cois farraige le taitneamhachtaí iontacha a thabharfaidh todhchaí inbhuanaithe dá daonra.

“Tá foráil déanta ag an gComhairle do mhaoiniú caipitil suntasach ina bhuiséad chun an baile a chlaochlú thar shaolré an chláir.”

D’fháiltigh an tOllamh Brian MacCraith, iar-uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus cathaoirleach Ghrúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín a d’ullmhaigh na pleananna uaillmhianacha don cheantar, roimh an nuacht.

“Ceann de na teachtaireachtaí láidre ó shuirbhé Ár mBaile Brigín ná go raibh daoine ag iarraidh gníomhaíocht a fheiceáil ar na foirgnimh thréigthe ar Shráid an Droichid agus ceantar Cuain níos beoga,” a dúirt an tOllamh MacCraith.

“Tarlóidh an ghníomhaíocht sin mar thoradh ar cheannach na bhfoirgneamh seo agus beidh sé mar chuid lárnach dár bpleananna chun croílár an bhaile agus ceantair an Chuain agus Shráid na Cé a athbheochan.   

“Sna míonna agus na blianta atá amach romhainn, feicfidh muintir Bhaile Brigín comharthaí níos sofheicthe de chlaochlú Bhaile Brigín.”

The re-development of key areas of Balbriggan has been given a major boost with the acquisition of several buildings in the town by Fingal County Council.

The Chief Executive of Fingal County Council, AnnMarie Farrelly, said that the acquisition is a clear sign of the Council’s commitment to the redevelopment of Balbriggan.

“Fingal County Council will continue to lead on the full implementation of the Socio- Economic Plan for Balbriggan,”

“The acquisition of these key buildings represents a critical milestone towards realising the town’s full potential as a quality environment to live, do business and spend leisure time.

The design, planning and procurement phase for the next chapter in the evolution of Quay Street/Harbour and Main Street areas will start in the coming year.

Over the next few years Balbriggan has the chance to develop into a seaside town with fantastic amenities that will provide a sustainable future for its population.

“The Council has provided for significant capital funding in its budget to transform the town over the lifetime of the programme.”

The news was also welcomed by Professor Brian MacCraith, former president of Dublin City University and chair of the Balbriggan Leadership Group which prepared the ambitious plans for the area.

“One of the strong messages from the Our Balbriggan survey was that people wanted to see action on the derelict buildings on Bridge Street and a more vibrant Harbour area,” said Prof MacCraith.

“This acquisition will lead to that action and forms a central part of our plans to revive the heart of the town and the Harbour and Quay Street areas.

“As the next few months and years unfold, the people of Balbriggan are going to see more visible signs of the transformation of Balbriggan.”