Máistirphleann Cheathrú Chultúrtha Sóird

Ceathrú Chultúrtha Chaisléan Shoird

In 2014 foilsíodh an Plean Caomhantais le haghaidh Chaisleán Shoird. Aithnítear ann na gníomhartha a ghlacfar chun an caisleán a thabhairt isteach sa todhchaí ag cinntiú go ndéanfar é a chaomhnú agus go mbainfidh gach duine sult as.  Seo a leanas roinnt de na tograí ar tugadh fúthu go dtí seo:

  • Cobhsú an tí geata
  • Rinneadh iniúchadh sábháilteachta agus oibreacha chun deis a thabhairt don phobal cead isteach sábháilte a bheith go dtí an caisleán le haghaidh Lá Fhéile Pádraig i mbliana.
  • Dearadh painéil léirmhínithe nua le haghaidh an chaisleáin agus tá roinnt den ábhar ón bPlean Caomhantais orthu siúd.
  • Rinneadh suirbhéanna mar chuid dá gcuid oibre. Aithníodh sna suirbhéanna sin roinnt aimhrialtachtaí fo-dhromchla sa limistéar láir ar fiú tochailt a dhéanamh orthu. Tá sé beartaithe cibé obair thochailte a dhéanfar go mbeidh an pobal ag idirghníomhú leis an bpróiseas.
  • Tá foireann deartha curtha ag obair chun tús a chur leis an obair dheartha a bhaineann le hatógáil an bhoghta os cionn an phríomhdhorais isteach.
  • Tá tús curtha le clár chun eidhneán a bhaint.

Máistirphleann Cheathrú Chultúrtha Sóird

Chomh maith leis sin rinne Comhairle Contae Fhine Gall coimisiúnú ar thionscadal chun máistirphlean a chruthú don limistéar timpeall ar an gcaisleán ar a dtabharfar Ceathrú Chultúrtha Shoird.

Seo a leanas roinnt de na tograí:

  • Spás lárnach nua ollmhór pobail agus cathartha lasmuigh de Chaisleán Shoird
  • Foirgneamh nua Leabharlainne/Ionaid Chathartha a bheidh lonnaithe feadh Halla an Chontae
  • Idirghabhálacha nua tírdhreacha sa pháirc agus sa bhaile
  • Mol nó Ceathrú Chultúrtha a chruthú ar an tSráid Thuaidh/an Phríomhshráid

 

Máistirphlean le haghaidh Cheathrú Chultúrtha Shoird