An Lóiste, Mullach Íde

The Lodge Malahide

An Lóiste, Mullach Íde

D’eascair torthaí ar leith as an bpróiseas comhairliúcháin do Phlean Ealaíon Fhine Gall 2013-17 maidir le grúpaí a ndírítear orthu, ealaíontóirí gairmiúla ina measc. Tugadh spás do na healaíona, e.g. spás stiúideo ealaíon, chun solais mar thosaíocht d’ealaíontóirí gairmiúla agus luaigh cleachtóirí go mbeidís sásta íoc as spás tiomnaithe.

Mar thoradh ar na torthaí seo, rinne an Oifig Ealaíon gealltanas chun deiseanna a spreagadh agus a chothú d’ealaíontóirí de gach disciplín chun tabhairt faoina gcleachtas ealaíon agus é a oibriú agus a fhorbairt i bhFine Gall trí spás stiúideo ealaíontóra ghairmiúil a sholáthar.

‘Déanfaimid iarracht, i rith shaolré an phlean, chun réimse spásanna fisiciúla inar féidir le healaíontóirí gairmiúla tabhairt faoina gcleachtais ealaíon agus iad a oibriú agus a fhorbairt i bhFine Gall.’ (Plean Ealaíon Fhine Gall 2013-17)

Is é athchóiriú Lóiste Mhic Alastair an toradh atá ar chomhoibriú idir an Rannóg Oibríochtaí, an Oifig Ealaíon agus an Rannóg Ailtirí. Bhí an foirgneamh stairiúil seo tréigthe go pointe áirithe i gcaitheamh roinnt blianta. Rinneadh athchóiriú mór ar an lóiste, ar foirgneamh aon stóir é a ghabhann siar go dtí an bhliain 1898, a tosaíodh in Aibreán 2017; críochnaíodh an obair i Nollaig 2017 agus céim thástála atá ann faoi láthair.

 

Cuirfidh an lóiste, atá lonnaithe i suíomh drámatúil Dhiméin Mhullach Íde, spás oibre uathúil ar fáil d’ealaíontóirí gairmiúla. Is éard atá sa réadmhaoin seo ná seomra leapa amháin, seomra comhluadair, cistin agus stiúideo/spás oibre beag. Beidh an teachín ar fáil le fáil ar cíos ar feadh tréimhse 9-12 mhí. (Áirítear leis an gcíos fóntais, leathanbhanda, teilifís satailíte agus bailiúchán dramhaíola – tá beartas um úsáid chothrom i gceist).

 

Cuirfidh an Oifig Ealaíon gairm oscailte ar siúl ar gach Ealaíontóir Éireannach agus idirnáisiúnta agus gach Eagraíocht Ealaíon atá ag oibriú i measc na bhfoirmeacha ealaíne go léir. Chun iarratas a dhéanamh ar stiúideo cónaithe, iarrfar ar ealaíontóirí chun litir chumhdaigh a sheoladh ar aghaidh ina dtugtar cuntas ar an úsáid a bheartaítear a bhaint as an stiúideo; plean oibre ina dtugtar cuntas ar smaointe don chónaitheacht; Curriculum Vitae reatha; ráiteas ealaíontóirí; cáipéisíocht den obair; agus aon riachtanais speisialta, mar shampla, i dtaobh rochtana. Tá súil leis go gcuirfidh deis na cónaitheachta ar chumas ealaíontóra ghairmiúil chun a scileanna cruthaitheacha agus cleachtais ghairmiúil agus go dtacóidh sé lena bhforbairt amach anseo.