Leideanna maireachtáil inbhuanaithe
Táimid níos feasaí sa bhliain 2021 ná mar a bhíomar riamh roimhe seo faoin tionchar a imrímid ar an timpeallacht. Ní leor a bheith feasach, áfach… caithfidh gach duine dínn dul i mbun gnímh chun ár dtionchar a ísliú.
Tiocfaidh tú ar roinnt leideanna maireachtála inbhuanaithe anseo do smaointe faoi conas is féidir leat bheith níos neamhdhíobhálaí do do thimpeallacht.
Is iomaí rud is féidir linn a dhéanamh chun ár dtionchar ar an timpeallacht a ísliú ach teastaíonn beagán gnímh uaidh. I limistéir an taistil, an bhia, éadaí neamhchostasacha a tháirgeann miondíoltóirí ollmhargaidh mar fhreagairt do na treochtaí is déanaí, úsáid fuinnimh nó pacáistithe a ísliú, is féidir le gach duine dínn roinnt athruithe a dhéanamh. Féach na leideanna maireachtála inbhuanaithe laethúla seo thíos ar féidir leat iad a chuimsiú i do stíl mhaireachtála.
Chun teacht ar eolas breise is fiú cuairt a thabhairt ar na láithreáin ghréasáin seo a leanas:
Bithéagsúlacht www.pollinators.ie – tá iarracht á déanamh ag Plean Pailneora Uile-Éireann chun an milleadh atá á dhéanamh ar ár mbithéagsúlacht a aisiompú. Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh sa phlean.
Geilleagar Ciorclach www.repairmystuff.ie – Príomheolaire Deisiúcháin ar Líne na hÉireann, gach rud idir éadaí agus bhróga agus gléasanna leictreonacha agus ghléasanna ceoil
www.crni.ie – Líonra Athúsáide Pobail na hÉireann – Sraitheanna straitéisí an-áisiúla do phobail chun an Geilleagar Ciorclach a iontráil
Dramhbhia www.stopfoodwaste.ie – Is féidir leat foghlaim faoi úsáid a bhaint as stóráil bia, fuílleach bia, dramhbhia agus múiríniú
Dramhaíl phacáistithe www.mywaste.ie – an láithreán gréasáin ilfhreastail maidir le ceisteanna athchúrsála agus dramhaíola
Timpeallacht na hÉireann https://www.epa.ie/irelandsenvironment/ - Cuireann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go leor eolais ar fáil ar roinnt gnéithe den timpeallacht
![Sustainable living tip 1](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2020-02/tip-1.jpg?h=61f04dc7&itok=rPi_t0uR)
![Sustainable living tip 2](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2020-02/tip-2.jpg?h=efb7a146&itok=TUxlMgQU)
![Sustainable living tip 3](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2020-02/tip-3.jpg?h=efb7a146&itok=UVySE0p2)
![Sustainable living tip 4](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2020-02/tip-4.jpg?h=efb7a146&itok=Vk_uUhCB)
![Sustainable living tip 5](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2020-02/tip-5.jpg?h=efb7a146&itok=BYWO7eg7)
![Sustainable living tip 6](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2020-02/tip-6.jpg?h=efb7a146&itok=P7ZtmIgp)
![Sustainable living tip 7](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2020-02/tip-7.jpg?h=efb7a146&itok=iMKyf1Q5)
![Sustainable living tip 8](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2020-02/tip-8.jpg?h=efb7a146&itok=b_cEPQba)
![Sustainable living tip 9](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2020-02/tip-9.jpg?h=efb7a146&itok=qlX5gSpm)
![Sustainable living tip 10](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2020-02/tip-10.jpg?h=efb7a146&itok=pcuyyf-I)
![Sustainable living tip 11](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2020-02/tip-11.jpg?h=efb7a146&itok=Wbhci4h9)
![Sustainable living tip 12](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2020-02/tip-12.jpg?h=efb7a146&itok=iBLKKXgu)