Páirc Réigiúnach Dhiméin Sheantraibh

Santry Park 02

Tá páirc phoiblí Dhiméin Sheantraibh suite ar an suíomh ina mbíodh teach agus gairdín pálásta tráth. Tógadh an teach sa bhliain 1703, in áit a mbíodh áit chónaithe roimhe sin sna meánaoiseanna. Tháinig drochbhail ar an teach ag tús an 20ú haois. Tá go leor tuairimí éagsúla i measc mhuintir na háite maidir lenar tharla ansin, ach i 1947 rinne tine damáiste mór don teach agus tréigeadh é. Leagadh an teach go talamh ar deireadh i 1959.

Is iomaí nod atá ann i gcónaí maidir leis an teach, agus tá bunsraith an tí, na céimeanna tosaigh, aibhinne crann, agus an garraí daingean le feiceáil i gcónaí ar thailte na páirce.  

Ghlac Comhairle Contae Fhine Gall seilbh ar Dhiméin Sheantraibh go hoifigiúil i mí an Mheithimh 2003.

Tá clós súgartha do pháistí sa pháirc freisin, mar aon le gréasán fairsing cosán atá oiriúnach do dhaoine ag siúl, ag bogshodar nó ag siúl leis an madra. Tá carrchlós saor in aisce ar thaobh na láimhe deise de na príomhgheataí agus tú ag teacht isteach sa pháirc.

Tá Garraí Pobail sa Gharraí Daingean agus tá sé faoi lánseol le breis is 2 bhliain anuas. Tá Garraí Cistine agus Úllord Oidhreachta a bhfuil borradh fúthu ann anois freisin. Tá athfhorbairt á déanamh ar an limistéar chun tosaigh mar Gharraí Áineasa faoi láthair, agus beidh sé ar oscailt don phobal ar bhonn níos rialta amach anseo. 

Le bheith páirteach i dtogra an gharraí pobail, déan teagmháil le   [email protected]

Freastalaíonn bealaí 16, 16a, 33, 41, 41b, agus 41c Bhus Átha Cliath ar an bpáirc. 

Uaireanta Oscailte

Is éagsúil a bhíonn uaireanta oscailte Pháirc Dhiméine Sheantraibh i rith na bliana. Bíonn sé ar oscailt in Eanáir, Samhain agus Nollaig ó 9am go 5pm, agus bíonn sé ar oscailt i bhFeabhra agus Márta ó 9am go 6pm. Bíonn sé ar oscailt in Aibreán agus Meán Fómhair go dtí 8pm, agus bíonn sé ar oscailt ó Bhealtaine go Lúnasa go dtí 9pm. Bíonn an pháirc ar oscailt i nDeireadh Fómhair go dtí 7pm.