Seirbhísí Corporáideach

Vótáil agus Toghcháin

Vótáil agus Toghcháin

Toghchán an Uachtaráin ag teannadh linn, tá an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, ag áitiú ar dhaoine a chinntiú go bhfuil siad:

  1. Cláraithe le vóta a chaitheamh; agus
  2. Ar an eolas faoin gcaoi le vóta a chaitheamh i dToghchán an Uachtaráin

Chun cabhrú leis an eolas sin a chur ar fáil ar bhealach inrochtana agus soiléir, is mór ag an gCoimisiún Toghcháin dhá threoir nua Éasca le Léamh a fhoilsiú.

Chuir Ionchuimsiú Éireann na Treoracha Éasca le Léamh i dtoll a chéile i gcomhpháirt le húsáideoirí Éasca le Léamh. Tá na treoracha nua ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, agus is féidir teacht orthu ar ár suíomh gréasáin anseo: https://www.electoralcommission.ie/ga/foilseachain/oideachas/

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.electoralcommission.ie. agus https://www.electoralcommission.ie/presidential-elections/ 

D’athraigh an tAcht um Athchoiriú Toghcháin 2022 an próiseas clárúcháin toghthóirí agus beidh d’UPSP, dáta breithe agus éirchód ag teastáil uait anois chun an próiseas clárúcháin a chur i gcrích nó chun leasuithe a dhéanamh.

Is féidir leat seiceáil an bhfuil tú ar an gClár, clárú chun vótáil nó do shonraí agus do sheoladh a leasú trí logáil isteach ar http://www.checktheregister.ie/  

nó ar http://www.voter.ie/ (má tá cárta seirbhíse poiblí nó cuntas MyGovId agat)

nó trí cheann de na foirmeacha thíos a chomhlánú agus an fhoirm a sheoladh ar ais chugainn ag: 

Clár na dToghthóirí

Comhairle Contae Fhine Gall

Halla an Chontae

Sord

Co. Baile Átha Cliath

K67X8Y2

 

Agus má tá aon cheist agat is féidir leat dul i dteagmháil leis an bhFoireann Toghchórais ag %72egist%6fr%6ffelect%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]