Airgeadais

Rátaí tráchtála

COVID 19 - Rátaí Tráchtála a Tharscaoileadh 2021

 

Ar 30 Nollaig 2020 d’fhógair an Rialtas srianta Leibhéal 5 lena n-áirítear dúnadh gnóanna neamhriachtanacha ó am scoir gnó ar 31 Nollaig go dtí an 31 Eanáir 2021. Fógraíodh tuilleadh srianta ar 6 Eanáir 2021.

D’fhonn na srianta seo a léiriú agus leanúint leis na tacaíochtaí atá ar fáil d’íocóirí rátaí, agus mar aitheantas ar thionchar ruthag leanúnach COVID 19, beidh tarscaoileadh breise rátaí trádála i bhfeidhm ar ghnóanna sonraithe sa chéad ráithe de 2021.

Tá critéir mhionathraithe ag an tarscaoileadh trí mhí seo agus  dá réir sin is scéim um tharscaoileadh neamhspleách ar leithligh í.

 

Ciorclán :

Tarscaoileadh Rátaí Tráchtála don Chéad Ráithe in 2021

Leasú agus Aguisín a ghabhann le Ciorclán Fin 1/2021

 

Ceisteanna Coitianta maidir le Tarscaoileadh Rátaí don Chéad Ráithe 2021

Aguisín le Ceisteanna Coitianta maidir le Tarscaoileadh Rátaí Tráchtála le haghaidh Ráithe 2021 

Aguisín C

Aguisín D

Rátaí Tráchtála

Is iad rátaí nó cáin atá bunaithe ar réadmhaoin atá leagtha síos ag an Údarás Áitiúil ar áititheoirí réadmaoin thráchtála agus réadmaoin thionscail.  Íocann ioncam ó rátaí tráchtála as réimse leathan seirbhísí, soilsiú sráide, cothabháil bóithre agus cosáin, leabharlanna, páirceanna agus áiteanna súgartha, áiseanna spóirt agus fóillíochta, forbairt gheilleagrach forbairt pobail agus cosaint an chomhshaoil.

Ar 24 Samhain 2020, shocraigh Comhairleoirí Fhine Gall 0.1796 mar an Ráta Bliantúil ar Luacháil (ARV) d'Fhine Gall don bhliain 2021.

Is é áitritheoir an áitribh an duine atá freagrach as rátaí a íoc ar an dáta a socraíodh na rátaí, má tá an t-áitreabh folamh an lá a socraíodh na rataí sin is é an t-úinéir atá  freagrach as iad a íoc. Socraíodh an ráta do 2021 ar 29 Eanáir 2021. Meabhraítear d’úinéirí go gcoinneofar rátaí dlite nó rátaí gan íoc táille ar an réadmhaoin.

Áirítear na rátaí tríd luacháil do réadmhaoin a iolrú faoin Ráta Bliantúil Luachála [ARV]. Is é an Coimisinéir Luachála atá freagrach as na luachálacha agus is é an tÚdarás Áitiúil atá freagrach as an Ráta Bliantúil ar Luacháil ARV.  Is iad seo míniú na dtéarmaí : Luacháil: Socraithe ag an gCoimisinéir Luachála – tugtar Luach Bliantúil Glan (NAV) ar  bhunús na luachála i.e. luach cíosa na réadmhaoine sa mhargadh oscailte ar 15 Meán Fómhair 2017 (Fine Gall). Le tuilleadh eolais a fháil ar luachálacha agus an próiseas luachála déan teagmháil le www.valoff.ie (http://www.valoff.ie/)

Is iolraitheoir é an ráta bliantúil ar luacháil agus socraíonn an Rialtas Áitiúil é ag an gcruinniú bhuiséid bhliantúil. Is é 0.15 an ARV do 2021. Léirítear an Luacháil agus an ARV ar do bhille rátaí agus d’áireofaí sampla áirimh mar a leanas:

LUACHÁIL

 

RÁTA

BLIANTIÚIL

ar an LUACHÁIL

 

RATAÍ

MEASÚNAITHE

€100,000

X

0.1796

=

€17,960

Tá do mheasúnú rátaí dlite in dhá thráthchuid.  Tá an chéad tráthchuid le híoc nuair a leagtar an ráta agus an bille rátaí faighte agat agus tá an 2 tráthchuid dlite ar 1 Iúil. Is féidir íoc ar bhonn míosúil trí dhochar díreach i rith na bliana. Féach ar chúl an bhille rátaí le haghaidh modhanna íocaíochta agus le haghaidh sonraí teagmhála.

  • Airgead/Seic/Ordú Poist iníoctha le Comhairle Contae Fhine Gall ag an Oifig Airgid,     Príomhshráid, Sord,     Co Bhaile Átha Cliath.
  • Ordú Seasta: Déan teagmháil leis an Oifig Rátaí chun íocaíocht a dhéanamh
  • Dochar Díreach: Déan teagmháil leis an Oifig Rátaí chun íocaíocht a dhéanamh.
  • R.A.A. Sonraí Bainc BIC: AIBKIE2D IBAN: IE98AIBK 932523 06985297

 

Caithfidh tú uimhir do chuntas rátaí a thabhairt ar gach comhfhreagras.

Cuireann Alt 32 den Acht um Leasú an Rialtas Áitiúil iallach ar:

Úinéirí réadmhaoine nó a ghníomhairí, an Rialtas Áitiúil a chur an an eolas nuair a aistrítear leas i réadmhaoin inrátáilte agus athraíonn an té atá freagrach as na rátaí a íoc.

An té atá ag aistriú an réadmhaoin, cé acu an t-úinéir nó an t-áititheoir, na rátaí go léir atá faoi dhliteanas roimh an dáta aistrithe.

Tháinig an dualgas seo I bhfeidhm ar 1 Iúil 2014.

Faigh tuilleadh eolais faoin Acht um Leasú um Rialtas Áitiúil  2014 ar www.oireachtas.ie(http//www.oireachtas.ie/)

 

Ó 1 Iúil 2014, caithfidh úinéir réadmhaoin inrátáilte Comhairle Contae Fhine Gall a chur ar an eolas nuair atá athrú áitíochta ar an réadmhaoin i.e. nuair atá an réadmhaoin le díol nó nuair atá athrú tionóntachta ann, nó nuair a dhéantar folamh é.  Caithfidh tú é a dhéanamh taobh istigh de 14 lá ó tharla an t-athrú. Mura gcuirtear athrú ar bith in iúl dúinn taobh istigh de 14 lá gearrfar pionós ort.

Is ionann an pionós agus méid rátaí suas le dhá bhliain fós le réiteach ón áititheoir roimhe sin.  Má tá pionós ar bith fós le réiteach agat, úinéir na réadmhaoine iomchuí beidh costas fós le réiteach ar an réadmhaoin de bharr easpa fógra. 

Le haghaidh tuilleadh eolais léigh  Section 32 FAQ's for further information.

Is féidir teacht ar Fhógairt Ailt 32 trí chliceáil anseo;Change of Tenancy Owner Notification Form

ALT 32 - AN tACHT UM LEASU AN RIALTAIS AITIUIL 2014

Caithfidh an t-uinéir nó an duine atá i dteideal an réadmhaoin a áitiú (i.e. an leas-sealbhóir) rátaí a íoc ar réadmhaoin fholamh.  Caithfear aisíoc ar rátaí íoctha fháil i gcúinsí áirithe.  Tá an reachtaíocht a bhaineann le haisíoc rátaí ar réadmhaoin fholamh le fáil in Alt 14(1) um Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (do Chomhairlí Contae). De réir na reachtaíochta is féidir leis an leas-sealbhóir, nó mura bhfuil léas ann – an t-úinéir, aisíoc a éileamh ar rátaí tráchtála má tá an réadmhaoin fholamh ag am socraithe na rátaí. Is ionann an t-aisíoc atá ceadaithe agus an dara cuid déag den ráta bliantúil in aghaidh  gach mí iomlán le linn don réadmhaoin bheith folamh chun méaduithe, athruithe nó deisiúcháin a dhéanamh nó toisc nach bhfuil an t-úinéir in ann é a ligean amach ar chíos réasúnta.

Faoi réir Alt 31 d’Acht um Leasú an Rialtais Áitiúil 2014 tugadh cumhacht nua do bhaill  thofa den Chomhairle socrú ar chomhréir aisíoca na rátaí ar réadmhaoin thráchtála fholamh a mbeifear i bhfeidhm in aon bhliain amháin. 

Ní féidir le custaiméirí ar deonaíodh Tarscaoileadh dóibh in 2020 ar an mbonn go raibh an mhaoin folamh, Aisíocaíocht Folúntais a éileamh i leith aon mhí a chumhdaíonn an Tarscaoileadh

Tiocfaidh an cheist seo faoi bhráid na mball gach bliain mar chuid den phróiseas buiséid.  Glacadh leis an mbuiséad do 2020 ar 24/11/20 nuair a shocraigh na baill go gcoinneofaí aisíoc ar bith ag 40% ar a mhéad sa mhí.