Airgeadais

Muirear ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha

Muirear d’Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha

An Muirear maidir le hÁit Chónaithe Phríobháideach nach Príomháit Chónaithe (NPPR)

An Dliteanas agus an Muirear ar Mhaoin mar gheall ar an Muirear NPPR (Áit Chónaithe Phríobháideach nach Príomháit Chónaithe) a dhul i léig

Tiocfaidh an muirear NPPR agus an táille maidir le mallíocaíocht a bhaineann leis an mbliain 2009 agus an muirear dá réir sin ar mhaoin i léig tar éis an 31 Iúil 2021 - beidh deireadh le Dliteanas i ndáil le muirear NPPR 2009 ón 1 Lúnasa 2021, i gcomhréir le halt 7(2) den Acht Rialtais Áitiúil (Muirir) 2009.

Cuirtear i bhfeidhm gach muirear a ndearnadh muirear ar mhaoin de go ceann tréimhse faoi leith 12 bliain, arna ríomh ó dháta an dliteanais.  Dá réir sin, téann an dliteanas agus an muirear ar mhaoin i ndáil le muirear NPPR 2009 i léig tar éis an 31 Iúil 2021.

Ón 1 Lúnasa 2021 amach, tagann laghdú in aghaidh na bliana ar shuim na dtáillí NPPR agus na dtáillí pionóis atá ceangailte ar dhíoltóir a íoc ionas gur féidir leis an díoltóir maoin a dhíol ar a bhfuil muirear NPPR go dtí go dtéann an dliteanas agus an muirear ar an maoin i léig go hiomlán ar an 1 Aibreán 2025.

CLICEÁILTEAR ANSEO CHUN AN MUIREAR NPPR A ÍOC

An Muirear maidir le hÁit Chónaithe Phríobháideach nach Príomháit Chónaithe (arna leasú ionas go dtugtar i bhfeidhm Ciorclán Air. 09/2021 ina dtagraítear d'Alt 7(2) den Acht Rialtais Áitiúil (Muirir) 2009, arna leasú)

Má bhí tú i d'úinéir ar áit chónaithe i rith na mblianta 2009-2013 (an dá bhliain sin san áireamh) gan cónaí á dhéanamh agat ann mar phríomháit chónaithe nó mar aon áit chónaithe amháin, tá dliteanas ort maidir leis an muirear NPPR. Tá muirear bliantúil NPPR €200 in aghaidh gach áit chónaithe, móide táillí pionóis mar gheall ar íoc déanach, i gceist i ndáil le gach bliain den dliteanas.  Is ionann iomlán an dliteanais maidir leis na blianta 2009-2013 (an dá bhliain sin san áireamh) agus €7,230. Os a choinne sin, faoi mar a threoraítear i gCiorclán Air 09/2021 ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, téann an muirear NPPR, agus an táille maidir le híoc déanach, i ndáil leis an mbliain 2009 agus an muirear dá réir ar an maoin i léig ar an 31 Iúil 2021. Ón 1 Lúnasa 2021 amach, tagann laghdú in aghaidh na bliana ar shuim na dtáillí NPPR agus na dtáillí pionóis atá ceangailte ar dhíoltóir a íoc ionas gur féidir leis an díoltóir maoin a dhíol nárbh í an phíomháit phríobháideach cónaithe (nppr) í go dtí go dtéann an dliteanas agus an muirear ar an maoin i léig go hiomlán ar an 1 Aibreán 2025

 

Más mian leat an dliteanas atá ort a phlé le duine den fhoireann NPPR, seo na sonraí comhfhreagrais;

Teileafón: (01) 890 5000
Ríomhphost:  
[email protected]
 ">  [email protected]   
Suíomh Idirlín: 
www.nppr.ie  

Sa chás go bhfuil íocaíocht iomlán á déanamh, is féidir sin a dhéanamh ar líne ar www.nppr.ie 
 

Tugadh isteach muirir NPPR faoin Acht Rialtais Áitiúil (Muirir) 2009, arna leasú leis an Acht Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh) 2011, i ndáil le gach áitreabh cónaithe nach bhfuil in úsáid mar phríomháit cónaithe, nó ar an aon áit cónaithe amháin, ag an úinéir. Muirear féindeimhnithe an muirear NPPR agus is ar an úinéir atá an dliteanas atá i gceist a ríomh agus an mhaoin a chlárú leis an mBiúró NPPR (www.nppr.ie).

Seo a leanas na dátaí dliteanais:

An 31 Márta 2010

An 31 Márta 2011

An 31 Márta 2012

An 31 Márta 2013

Sa chás go raibh maoin faoi do chuid úinéireachta ar na dátaí thuas agus nach raibh cónaí á dhéanamh agat san áitreabh sin mar phríomháit cónaithe nó ar an aon áit chónaithe amháin, tá tú faoi dhliteanas maidir leis an muirear NPPR.

Seo a leanas na muirir atá dlite maidir leis an maoin faoin tráth seo:

Tréimhse díolta na maoine

Dliteanas agus an tSuim atá ina Mhuirear ar Mhaoin (an tsuim atá le híoc ionas go gceadaítear an mhaoin a dhíol)

Na blianta lena mbaineann an Dliteanas agus an Muirear ar Mhaoin

Go dtí an 31 Iúil 2021

Iomlán na muirear agus na dtáillí pionóis €7,230

2009-2013

1 Lúnasa 2021 - 31 Márta 2022

€5,160

2010-2013

1 Aibreán 2022 - 31 Márta 2023

€3,330

2011-2013

1 Aibreán 2023 - 31 Márta 2024

€1,860

2012-2013

1 Aibreán 2024 - 31 Márta 2025

€750

2013

Ón 1 Aibreán 2025 amach

Náid

Náid

 

DEIMHNIÚ MAIDIR LE hURSCAOILEADH AGUS DÍOLÚINE

Maidir le gach áitreabh cónaithe a dhíoltar, tá de choinníoll ag Dlí-Chumann na hÉireann gur gá, mar chuid den cháipéisíocht tíolacais, Deimhniú maidir le Díolúine nó Deimhniú maidir le hUrscaoileadh a bheith ag an díoltóir sular féidir an díolachán a thabhairt chun críche.  Más mian leat Deimhniú maidir le hUrscaoileadh nó le Díolúine a iarraidh, líontar an fhoirm iarratais chuí thíos agus seol ar ais í chuig an Rannóg Airgeadais, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, an Phríomhshráid, Sórd, Fine Gall, Co. Bhaile Átha Cliath K67X8Y2 nó Ríomhphost:   [email protected]

FOIRMEACHA IARRATAIS