Oidhreacht agus Caomhnú

Limistéir faoi Chosaint Speisialta

Caomhnú Comhshaoil agus Oiriúnacht

Baineann Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta (SPAanna) le cosaint fhadtéarmach speiceas éan fiáin agus a gcuid gnáthóg, mar atá sonraithe i Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le hÉin.

Cuimsíonn SACanna agus SPAanna líonra uile-Eorpach suíomhanna ar a dtugtar Natura 2000, a bhfuil sé de dhualgas faoin dlí ar Údaráis Pleanála a chinntiú go mbeidh siad faoi chosaint agus faoi chaomhnú.

Tá tábhacht ar leith ag baint le cósta Fhine Gall d’éin fhiáine agus cuimsíonn áiteanna in Fhine Gall atá ainmnithe ina Limistéir faoi Chosaint Speisialta, Cuan Bhaile Dúill, Inbhir Bhaile Roiséir agus Mhullach Íde/An Mhóinéir Leathain, Reachrainn, Inis Mac Neasáin agus Oileáin Chloch Dáibhíolla agus Sceirí.

Tá Oileán Chloch Dáibhíolla ainmnithe, chomh maith, ina Limistéar Slán don gheabhróg rósach.