Comhshaol

Ceadúnais Úinéir Capaill

Rialú Ainmhithe

Déanaimid rialú capall in áiteanna poiblí a láimhsiú trí Fhodhlithe faoin Acht um Rialú Capall 1996.

Rialú Capall

háinig fodhlithe dár gcuid, a rinneadh faoin Acht um Rialú Capall 1996, i bhfeidhm ar 12ú Eanáir 1998. Féachann na fodhlithe le: 

  • An líon capall i gceantar Fhine Gall a rialú agus a choinneáil faoi smacht.
  • Coinníollacha a shocrú i leith capaill a choinneáil agus stáblaíocht a dhéanamh orthu.
  • Nósanna imeachta i leith capaill neamhcheadúnaithe a ghaibhniú agus le fáil réidh leo.

Duine ar bith a bhfuil capall á choinneáil aige i Limistéar faoi Riail ní mór go mbeadh gach a leanas aige:

  • Ceadúnas – a chosnaíonn €31.25  (Ní mór do shealbhóir ceadúnais a bheith os cionn 16 bliana d’aois)
  • Pas capaill
  • Cóiríocht chuí don chapall (stábla feiliúnach le soláthar uisce ar fáil i gcónaí ann agus dóthain bia folláin, nó, má bhíonn an capall ar féarach, dóthain talamh féaraigh agus foscadh don chapall i gcónaí).

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil linn ar an teileafón ag (01) 890 5983 nó ar ríomhphost ag [email protected]