Seirbhísí Corporáideach

Buiséad Bliantúil

Dréachtbhuiséad Bliaintiúil 2026

                               FÓGRA UM BHUISÉAD BLIANTÚIL

Tugtar fógra leis seo gur ullmhaíodh an Dréachtbhuiséad Bliantúil do Chomhairle Contae Fhine Gall don bhliain airgeadais áitiúil dar críoch 31ú Nollaig 2026 agus go ndéanfaidh an Chomhairle Contae é a mheas ag  gcruinniú Buiséad Reachtúil Bliantúil a bheidh ar siúl an 18ú Samhain ag 2.00 i.n. in Áras an Chontae, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath. Tá cóip den Dréachtbhuiséad Bliantúil sin curtha isteach in oifigí na Comhairle ag:

                                 Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co Bhaile Átha Cliath K67 X8Y2
                                                          agus
                                 Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638

Féadfaidh aon bhall den phobal an Dréachtbhuiséad Bliantúil a iniúchadh ag na suíomhanna thuas saor in aisce ag am ar bith nuair atá na hoifigí oscailte chun gnó oifigiúil a dhéanamh. Soláthrófar cóip den Dréachtbhuiséad Bliantúil do gach duine a dhéanfaidh iarratas air ar phraghas €3. Beidh an doiciméad ar fáil ar an idirlíon freisin ag Dréachtbhuiséad Bliaintiúil 2026 www.fingal.ie/council/service/annual-budget

Arna dhátú an 10ú Samhain 2025
O. Hunt
Stiúrthóir Airgeadais

 

Maoinítear Buiséad Ioncaim na Comhairle tríd na foinsí seo a leanas:

  • Rátaí tráchtála
  • Cáin Mhaoine Áitiúil
  • Deontais Rialtais
  • Uisce Éireann
  • Ranníocaíochtaí pinsin
  • Cíos/Aisíocaíochtaí iasachta
  • Ioncaim ó earraí agus ó sheirbhísí

ach bliain bíonn dualgas dlíthiúil ar an gComhairle buiséad a réiteach agus a ghlacadh agus réamh-mheastacháin ioncaim is caiteachais don bhliain dár gcionn.   Réitíonn an Príomh-Fheidhmeannach na buiséid i gcomhairle leis an nGrúpa Beartais Chorparáidigh.  Ina dhiaidh sin féin, is é an ról atá ag do chuid Comhairleoirí áitiúla tofa ná an buiséad a ghlacadh, le leasuithe air nó gan leasuithe.   

Tá fráma ama reachtúil ann ar laistigh de a chaithfear an buiséad a ghlacadh.   Is í an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil a chinneann é seo. Roinntear an buiséad ina 8 gcuid, mar a leanas: 

Roinn A  -  Tithíocht agus Tógáil
Roinn B  -  Iompar Bóthair agus Sábháilteacht 
Roinn C  -  Soláthar Uisce agus Séarachas 
Roinn D  -  Dreasachtaí Forbartha agus Rialuithe
Roinn E  -  Cosaint an Chomhshaoil
Roinn F  -  Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht
Roinn G  -  Talmhaíocht, Bia agus Mara 
Roinn H  -  Seirbhísí Éagsúla

Déantar tuilleadh briseadh síos ar na Ranna seo ina seirbhísí agus fo-sheirbhísí, rud is féidir a fheiceáil i leabhar an bhuiséid.‌