An Chosaint - Seachadadh na hoiliúna um an gcosaint leanaí:

Safeguarding Programme

An Chosaint 1 - Cúrsa Bunfheasachta ar Leasa Leanaí agus um an gCosaint Leanaí

Ní mór do gach cóitseálaí a oibríonn le leanaí an Cúrsa Bunúsach Feasachta agus Leasa Leanaí 3 huaire a chomhlánú. Cuireann an Cúrsa seo oideachas ar rannpháirtithe maidir le cur i bhfeidhm an chleachtais is fearr maidir le leas leanaí a bhfuil baint acu le spórt a chosaint.

 

An Chosaint 2 - Oifigeach Leanaí an Chlub

Cuirfear oiliúint do Oifigeach Leanaí an Chumainn sa chúrsa 3 huaire seo chun a ról atá aige sa chlub a dhéanamh agus chun tacú leis an dea-chleachtas a bheith curtha i gcrích sa chlub. Ní mór go mbeadh Cosaint 1 críochnaithe agat chun áit a fháil ar an gcúrsa seo.

 

An Chosaint 3 – An Teagmhálaí Ainmnithe (DLP)

Cuirfidh an cúrsa trí huaire seo oiliúint ar an Teagmhálaí Ainmnithe sa chlub. Tá sé incheadaithe do chlub an duine céanna a cheapadh chuig ról an Oifigigh Leanaí agus chuig ról an DLP, ach moltar, de réir an dea-chleachtais, go gcoinnítear iad mar róil ar leith.

 

Oiliúint um Scileanna Éigeandála

Cúrsa oiliúna inniúlachta 3 uair an chloig a chabhraíonn leis an oiliúnaí déileáil le díobhálacha a d'fhéadfadh tarlú do rannpháirtithe agus iad ag imirt spóirt.  Cuirfidh sé scileanna bunúsacha ar fáil d'oibrithe deonacha chun déileáil le gortú agus iad ag fanacht le freagróir oilte garchabhrach

 

Chun aon chúrsa Cosanta nó oiliúna a chur in áirithe: Cuir ríomhphost chuig [email protected]