Ceisteanna Coitianta

  1. Cé atá ábalta iarratas a dhéanamh ar an scéim tithíochta inachmainne?

D’fhonn a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar an scéim, caithfidh iarrthóirí na critéir thíos a chomhlíonadh;

  • A bheith aicmithe mar cheannaitheoir céaduaire.
  • Ollioncam suas go huasmhéid €50,000 a thuilleamh in aghaidh na bliana do theaghlaigh d’aosaigh aonair nó,
  • Ollioncam suas go huasmhéid €75,000 a thuilleamh in aghaidh na bliana do theaghlaigh ina mbeidh an teach ag beirt aosaigh cháilitheacha nó níos mó.
  • An ceart chun cónaí ar feadh tréimhse éiginnte in Éirinn. Is féidir le ceannaitheoirí ó bhallstát den AE /Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bhfuil sé ar intinn acu ceannach iarratas a dhéanamh ar theach inacmhainne, ar an gcoinníoll go bhfuil siad ina gcónaí agus ag obair in Éirinn. Sa chás nach saoránach Éireannach/AE/LEE iad ceannaitheoirí a bhfuil sé ar intinn acu ceannach anseo, caithfidh cead éiginnte a bheith acu chun fanacht sa Stát.
  • Caithfidh an teach inacmhainne a bheith mar ghnátháit chónaithe an teaghlaigh.  

Chomh maith leis an gcritéir incháilitheachta thuas, beidh feidhm ag Scéim Tosaíochta do theaghlaigh a mheastar a bheith incháilithe maidir leis an scéim sa chás go bhfuil níos mó iarrthóirí ná maoine ann. Is féidir sonraí iomlána na Scéime Tosaíochta a fháil trí chliceáil anseo. Is iad na príomhphointí;

  • Maoin a oireann do riachtanais teaghlaigh an iarrthóra.
  • Cónaitheoir sa chontae níos mó ná 12 mí.
  • Oideachas Lánaimseartha laistigh de 70 ciliméadar den áitreabh.
  • Fostaithe laistigh de 70 ciliméadar den áitreabh.
  • Fostaithe agus in oideachas lánaimseartha laistigh de 70 ciliméadar den áitreabh. 
  1. An bhfuil mé incháilithe mura ceannaitheoir céaduaire mé?

Níl. Tá feidhm ag díolúintí áirithe d’iarrthóirí colscartha.
Eisceacht an Chéad Cheannaitheora

· Caithfidh an scaradh/colscaradh a bheith ina cheangal de réir dlí  

· Caithfidh go raibh cead ag céile fanacht ina cónaí i dteach an teaghlaigh agus

· Ní mór nach ndearna an t-iarrthóir aon ghnóthachan ná fáltais airgid ó dhíol nó aistriú

úinéireacht theach an teaghlaigh

  1. Cén doiciméadúchán atá ag teastáil chun tacú le m’ioncam? 
  • Cruthúnas Ioncaim – Ní mór d’iarratasóirí ar thuarastal ÍMAT Teastas Tuarastail cothrom le dáta a sholáthar (féach an doiciméad faoi iamh). - Ní mór d’iarratasóir féinfhostaithe Tuarascáil Chuntasóra / Cuntais Iniúchta (2 bhliain Riachtanach), Ráiteas Comhardaithe Cánach Reatha & Admháil Réamhíocaíochta Cánach Ioncaim Reatha a sholáthar.
  • Fianaise gur ceannaitheoirí céaduaire iad an t-iarrthóir/na hiarrthóirí  – m.sh. Deimhniú Cabhair le Ceannach.
  • Fianaise ar an gcumas an ceannach a mhaoiniú – m.sh. litir cheadúnaithe iasachta sealadach nó áireamhán ar líne a léiríonn an cumas an méid ceannaigh a fháil ar iasacht.
  • Cruthúnas Cónaitheachta – bille fóntais/comhfhreagras ag taispeáint cruthúnas cónaitheachta 12 mí i bhFine Gall.
  • Fianaise maidir le ball an teaghlaigh a bheith san oideachas laistigh de 70 ciliméadar ó Lusca* – Litir ón Institiúid Oideachais ag cruthú freastail.

*sa chás go bhfuil níos mó iarrthóirí ná maoine ann, tarlóidh gearrliostú bunaithe ar an scéim tosaíochta. Is féidir sonraí iomlána na Scéime Tosaíoctha a fháil trí chliceáil anseo. 

  1. Conas a dhéanaim iarratas ar an scéim?

Glacfar le hiarratais agus doiciméid tacaíochta trí chóras iarratais ar líne. Ceadaíonn an córas na sonraí ábhartha a ionchur agus gach doiciméad tacaíochta a uaslódáil. Eiseofar sonraí an láithreáin ghréasáin.

  1. Cad iad na cineálacha maoine atá ar fáil?

Teach Sraithe le 3 Leaba/Teach Leathscoite le 3 Leaba

Árasán Dhá Urlár le 3 Leaba

Árasán 2 Leaba

  1. Cad é costas gach cineál maoine?

Árasán 2 Leaba                                                                                €166,000

Árasán Dhá Urlár le 3 Leaba                                                      €206,000

Teach sraithe le 3 Leaba/Teach Leathscoite le 3 Leaba ó   €250,000

 

  1. Conas a bheidh fhios agam cén mhaoin le hiarratas a dhéanamh uirthi?

Is ar an mbonn seo a leanas a dhéanfar an cinneadh maidir le cén cineál mhaoine a mheastar a fhreastlóidh go leordhóthanach ar riachtanais chóiríochta teaghlaigh:

Cineál Áitribh

Freastlaíonn sé ar riachtanais chóiríochta:

Áitreabh dhá sheomra

Teaghlach duine amháin nó níos mó

Áitreabh trí sheomra

Teaghlach 2 dhuine nó níos mó

Is féidir eolas iomlán a fháil sa Scéim Tosaíochta, ar féidir a fheiceáil trí chliceáil anseo.

  1. Cad é an Muirear Cothromais/Ordú Muirir?

Ceann de na coinníollacha díola faoin Scéim seo is ea go gcláróidh Comhairle Contae Fhine Gall muirear thar an dteach don lascaine céatadáin faoi bhun luach an mhargaidh a ndíoltar an teach dó.

Cé go gcaithfear sciar cothromais an údaráis áitiúil sa mhaoin a aisíoc go hiomlán, tá uainiú na haisíocaíochta/na n-aisíocaíochtaí solúbtha. Tar éis cúig bliana, is féidir leis an teaghlach a roghnú cathain is féidir aisíocaíochtaí a dhéanamh ar an sciar cothromais agus tá saoirse éigin aige an méid is mian leis a aisíoc ag am áirithe a chinneadh. Braithfidh méid iomlán an airgid a íocann an teaghlach chun sciar cothromais an údaráis áitiúil sa mhaoin a ghlanadh ar luach mhargaidh an tí sa todhchaí agus ar uainiú na haisíocaíochta/na n-aisíocaíochtaí. Mura bhfuil an teaghlach in ann an sciar cothromais a aisíoc níos luaithe, gheobhaidh an t-údarás áitiúil luach a sciar den mhaoin nuair a chinneann an teaghlach an teach a dhíol.

Mar shampla, má dhíoltar áitreabh le luach margaidh de €300,000 faoin scéim seo ar €240,000, tá an lascaine cothrom le 20%.  Cláraítear an céatadán seo mar mhuirear ar an maoin.  Má dhíoltar an mhaoin sa todhchaí ar €300,000 is é an méid atá dlite don Chomhairle ná €60,000, is é sin 20% den luach margaidh tráth an díola.

Seo a leanas samplaí léiritheacha;

 

Samplaí

Sampla léiritheach den phraghas ceannaigh tosaigh agus den sciar cothromais faoin scéim ceannaigh inacmhainne nua; 

equity share affordable.jpg

9. Conas a chruthaím gur Ceannaitheoir Céaduaire mé?

Is é an bealach is éasca ná cead Cabhair le Ceannach a fháil.

10. Cé mhéad éarlais a theastaíonn uaim?

Cé nach dteastaíonn cruthúnas ar éarlais don scéim seo, éilíonn institiúidí airgeadais go gcaithfear éarlais 10% ar a laghad a bheith acu óna n-acmhainní féin.

Sampla:

Maidir le maoin le luach margaidh de €200,000 beidh éarlais de €20,000 ar a laghad ag teastáil uait.

11. An féidir an scéim Cabhair le Ceannach a úsáid i dtreo éarlais?

Is féidir.

12. Conas a dhéantar cinneadh ar m’iarratas?

Is í Comhairle Contae Fhine Gall a dhéanann an cinneadh maidir le d’iarratas de réir Scéim Píolótach Ceannaigh Tí Dun Emer, ar féidir a fheiceáil trí chliceáil anseo agus an Scéim Tosaíochta, ar féidir a fheiceáil trí chliceáil anseo.

13. Má cheadaítear mé don scéim, cá bhfuil cead agam iasacht a fháil?

Is féidir airgeadas a fháil ó aon institiúid iasachta príobháideach cosúil le banc nó cumann foirgníochta. De rogha air sin, is féidir airgeadas a fháil ó Chomhairle Contae Fhine Gall tríd an Iasacht Tithíochta Átógáil Éireann. Is féidir sonraí na hiasachta a fháil ag http://rebuildingirelandhomeloan.ie/

14, Conas a sholáthraím fianaise den chumas an ceannach a mhaoiniú?

Ba cheart litir um Cheadú i bPrionsabal a fháil ó institiúid airgeadais phríobháideach nó ó Iasacht Tithíochta Átógáil Éireann de chuid Fhine Gall. De rogha air sin, is ƒéidir áireamhán ar líne a thaispeánann an cumas an méid ceannaigh a fháil ar iasacht a sholáthar. Is féidir sampla d’áireamhán ar líne a fháil ag an nasc seo a leanas http://rebuildingirelandhomeloan.ie/calculator/

15. Conas is féidir liom fianaise a sholáthar maidir le freastal ó institiúid oideachais?

Is leor litir shínithe agus dátaithe ón institiúid oideachais

16. Conas is féidir liom fianaise a sholáthar go bhfuil cónaí orm i bhFine Gall ar feadh 12+ mí?

Is leor cóip de chomhaontú cíosa, bille fóntais nó comhfhreagras eile atá dátaithe go soiléir.