Loughshinny Boathouse Artists’ Studio

Siúlóidí Cois Cósta i bhFine Gall

Discover More

Tá 88km de chósta idir Cill Fhionntain agus Baile Brigín, cé mhéad dó atá siúlta agat? Táimid ag leanúint le bealach siúil cois cósta a fhorbairt ó Chathair Bhaile Átha Cliath go dtí teorainn Chontae na Mí feadh chósta Fhine Gall.

Táimid ag leanúint le forbairt an bhealaigh, agus tá na bealaí seo a leanas oscailte don phobal cheana féin:

  • Binn Éadair go Cill Fhionntain go Baile Dúill: Tá an bealach seo ar taispeáint ar chláir taispeána ag Carrchlós Bhaile Scadán, Cé an Bhuidéil, Carrchlós Bailey, Páirc Bhaile na Cille agus ag aghaidh na farraige gar do Stáisiún Dart Bhinn Éadair.        
  • Port Mearnóg go Mullach Íde:  Téann an bealach seo feadh bhóthar an chósta lena n-áirítear An Trá Mhín agus thar na Túir Martello ag Ballaí Robac agus Port Mearnóg. 
  • Mullach Íde go Sord:  Téann an bealach seo ón Muiríne i Mullach Íde feadh dheisceart Inbhear an Mhóinéir Leathain chomh fada le Droichead an Mhótarbhealaigh.  Is féidir leanúint timpeall feadh an inbhir agus feadh an chladaigh ó thuaidh an bealach ar fad go Domhnach Bat.
  • Domhnach Bat go dtí Port Reachrann: Ón gcabhsa iarnróid ag Domhnach Bat, is féidir le siúlóirí siúl i dtreo an oirthir feadh chladach thuaidh inbhear an Mhóinéir Leathain agus ansin ó thuaidh taobh le Galfchúrsa an Chorrbhaile go dtí an Túr Martello taobh le hÓstán an Waterside ag Domhnach Bat.  Tá cláir taispeána ag na bealaí ag Carrchlós Radharc an Túir, Port Reachrann agus ag Carrchlós na Trá, Domhnach Bat.
  • Loch Sionnaigh:  Tá clár taispeána ag carrchlós na trá ar a dtaispeántar an tSiúlóid Cois Cósta ag Loch Sionnaigh.
  • Na Sceirí: Tá an bealach seo feadh Asplanád an Chladaigh Theas agus is féidir le siúlóirí an cosán poiblí a úsáid chun dul i dtreo an Tuaiscirt chomh fada le hArd Giolláin agus Baile Brigín.
  • Baile Brigín:  Tá clár taispeána ag Trá Bhaile Brigín faoin Droichead Iarnóid ar a dtaispeántar bealaí siúil ó thuaidh de Bhrí Mhór agus ó Dheas d’Ard Giolláin agus na Sceirí.

Tá tuilleadh eolais le fáil inár rannóg tránna.

Howth aerial shot

Siúlóid An Chósta: Binn Éadair trí Chill Fhiontain go Baile Dúill

Overview

Ón gcladach i mBinn Éadair, teigh ag fánaíocht ar do shuaimhneas feadh an chósta fíorálainn sin. Siúl suas go Ceann Bhinn Éadair agus slog isteach an radharc iontach ón mbarr sin. Tar anuas ansin go leibhéal na farraige agus lean ar do bhealach i dtreo Chill Fhiontain taobh leis na haillte fíor-iontacha, Teach Bhaile Scadán agus trá álainn Chuan Bhaile Scadáin. Cad mar gheall ar thimpeall a ghabháil ar an gcé amach go Teach Solais Bhinn Éadair agus ar aghaidh go trá mhór leibhéalta an Choinicéir. Lean an cosán ar imeall Ghalfchúrsa Chill Fhiontain atá lonnaithe in áit fíorshuntasach, agus cuir deireadh le do thuras ar stráice Bhaile Dúill de Bhóthar an Chósta. Read more
Howth walk
Siúlóid An Chósta: Binn Éadair trí Chill Fhiontain go Baile Dúill
Ón gcladach i mBinn Éadair, teigh ag fánaíocht ar do shuaimhneas feadh an chósta fíorálainn sin.
Malahide marina

Siúlóid An Chósta: Mullach Íde go Sord

Overview

Ag tosú amach ag an Muiríne i Mullach Íde, déan do bhealach chuig an trá, ag dul thar Chlub Luamhaireachta Mhullach Íde ag an Móinéar Leathan ar do shlí. Siúil ar imeall theas Inbhear an Mhóinéir Leathain, thar Seabury go dtí go dtiocfaidh tú chuig Droichead an Mhótarbhealaigh. Is féidir siúl ar do chaoithiúlacht isteach go lár bhaile Shoird ón áit sin, nó lean ar aghaidh timpeall an inbhir agus taobh leis an gcladach thuaidh chomh fada le Domhnach Bat. Read more
Malahide boats
Siúlóid An Chósta: Mullach Íde go Sord
Ag tosú amach ag an Muiríne i Mullach Íde, déan do bhealach chuig an trá, ag dul thar Chlub Luamhaireachta Mhullach Íde ag an Móinéar Leathan ar do shlí.
beach-donabate-low-tide

Siúlóid An Chósta: Domhnach Bat go Port Reachrann

Overview

Ón líne chladaigh den chabhsa iarnróid i nDomhnach Bat, siúil soir taobh le hInbhear an Mhóinéir Leathain. Déan do bhealach ó thuaidh chuig Galfchúrsa Bhaile Carraige. Má tá fonn ort dul sa seans, d’fhéadfá lúb iomlán a dhéanamh timpeall ar Ghalfchúrsa an Oileáin ag an bpointe seo agus lán do dhá shúil a bhaint as an áilleacht nádúrtha ata le feiceáil ansin. Pé rud a shocraíonn tú a dhéanamh, lean ar aghaidh chuig an Túr Martello in aice leis an Óstán Waterside i nDomhnach Bat. Ón áit sin, is féidir dul díreach go Trá Bhá an Túir i bPort Reachrann - seans go mbeidh snámh tapaidh agat ansin! Read more
The Brook Portrane
Siúlóid An Chósta: Domhnach Bat go Port Reachrann
Ón líne chladaigh den chabhsa iarnróid i nDomhnach Bat, siúil soir taobh le hInbhear an Mhóinéir Leathain.
Loughshinny Boathouse Artists’ Studio

Siúlóid An Chósta: Loch Sionnaigh

Overview

Tá trí bhealach 3.5km an ceann ar fáil sa sráidbhaile gleoite seo. Tosaíonn an chéad siúlóid i mBaile Thomáis agus téann sí timpeall an tsráidbhaile féin, ag tógáil isteach na Mianaigh Chopair, Cairéal na Leac agus Pluais na Smuglaeirí. Ar an dara siúlóid, tógtar an siúlóir cróga go dtí an Ros, ait a bhfuil teach feirme ceann tuí de chuid an 18ú haois déag agus Túr Martello freisin. Téann an tríú bealach go Droim Meánach, suíomh an-tábhachtach ar a bhfuil iarsmaí an dúin ceann tíre ba mhó in Éirinn, agus críochnaíonn an tsiúlóid ag Caisleán Bhaile Donnagáin, caisleán a théann siar go ham na dTeamplóirí. Read more
Loughshinny Coastal
Siúlóid An Chósta: Loch Sionnaigh
Tá trí bhealach 3.5km an ceann ar fáil sa sráidbhaile gleoite seo.
Skerries Square

Siúlóid An Chósta: Na Sceirí

Overview

Tosaigh amach ar Asplanád an Chósta Theas agus lean imeall an chósta timpeall ar an Túr Martello agus thar an gCuan ar aghaidh ar an Trá Thuaidh. Lean an cósta garbh thar Caisleán Ard Giolláin agus Staighre na mBan agus ar aghaidh chuig Trá Bhaile Brigín, áit a bhfeicfidh tú an Túr Martello. Uachtar reoite, aon duine? Read more
Skerries Coast
Siúlóid An Chósta: Na Sceirí
Tosaigh amach ar Asplanád an Chósta Theas agus lean imeall an chósta timpeall ar an Túr Martello agus thar an gCuan ar aghaidh ar an Trá Thuaidh.
Balbriggan

Siúlóidí Cósta - Bhaile Brigín

Overview

Is áit iontach le haghaidh siúlóidí í Trá Bhaile Brigín agus í lán de stair agus radharcanna nádúrtha. Níos faide ar aghaidh ó thuaidh, thar an Túr Martello, feicfidh tú struchtúr maorga Chaisleán Bhrí Mhór ar an taobh clé. Read more
Balbriggan beach
Siúlóidí Cósta - Bhaile Brigín
Is áit iontach le haghaidh siúlóidí í Trá Bhaile Brigín agus í lán de stair agus radharcanna nádúrtha. Níos faide ar aghaidh ó thuaidh, thar an Túr Martello, feicfidh tú struchtúr maorga Chaisleán Bhrí Mhór ar an taobh clé.