Council

18 Nov 2020
Social Inclusion

"Ukeathon “ Ar Líne

Is ócáid micreafóin oscailte ar líne í Ukeathon a thugann daoine le chéile ó gach cearn d’Fhine Gall chun an Ucailéile a Sheinnt & Canadh. Is grúpa cairde sinn faoin mbratach  UkuleleUnited. Bíonn baill nua á lorg againn i gcónaí agus mar sin tá fáilte roimh chách.

18 Nov 2020
Social Inclusion

Fóram Imeasctha Fhine Gall

Tá an grúpa seo ag obair i dtreo Fóram Imeasctha Fhine Gall a bhunú trí chlár spriocdhírithe oiliúna agus tógála acmhainne ag críochnú le dréachtphlean oibre do thosaíochtaí imeasctha d’Fhine Gall i 2021.

18 Nov 2020
Social Inclusion

5 Bealaí le Folláine a chinntiú do Ghrúpaí Pobail

An bhfuil tú mar chuid de ghrúpa pobail? Tar agus bí linn inár gceardlann do ghrúpaí pobail chun déileáil níos fearr le linn amanta deacra mar iad seo. Féachfaidh na 5 Bealaí chun Folláine a chinntiú ar an gcaoi is féidir leat aire a thabhairt duit féin agus do do ghrúpa pobail d’fhonn tacú le daoine eile.

18 Nov 2020
Social Inclusion

Dea-Mheabhairshláinte a Chothabháil le linn Covid 19

Is seirbhís lae mheabhairshláinte í Clubtheach Conaí i mBaile Bhlainséir. Roinnfidh na baill a gcuid scéalta faoi dhéileáil le linn na Paindéime. Labhróidh siad faoi na rudaí a chabhraigh leo le linn na n-amanta deacra seo agus na rudaí fíorthábhachtacha atá foghlamtha acu ar an mbealach. Fáilte roimh chách.

18 Nov 2020
Social Inclusion

Fóram Oscailte Bothán na bhFear Sord

Tar agus bí i dteannta baill de Bhothán na bhFear Sord ag caint faoin gclár Bothán na bhFear agus na buntáistí bainteach le bheith páirteach ann. Beidh baill áirithe dár ngrupaí ar fáil chun obair a ullmhaíodh sa cheardlann a thaispeáint agus chun ceisteanna a fhreagairt. Fáilte roimh chách.                            

18 Nov 2020
Social Inclusion

Oideas Sóisialta – oideas stíl mhaireachtála

Tá an ócáid ann do ghairmithe cúram sláinte atá ag obair i mBaile Átha Cliath 15. Tabharfaidh an ócáid deis cloisteáil faoin tionscadal nua um oideas speisialta, casadh le hoideasóirí agus níos mó a fháil amach faoin tseirbhís. Seolfar cuireadh chuig an ócáid chuig gairmithe cúram sláinte roimh an ócáid.

17 Nov 2020
Social Inclusion

Féile Scannáin ‘Shifting Attiitudes’

Cuireann an Fhéile Scannáin ‘Bleeding Pig’ i gcomhar leis an bhFéile Chultúrtha ‘Bleeding Pig’, clár de ghearrscannáin Éireannacha i láthair a leagann béim ar shaincheisteanna inscne agus LADT in Éirinn. Ó ghreann go dráma ionraic, cuireann gach scannán peirspictíocht dhifriúil i láthair agus tá téama comónta acu – an tábhacht a bhaineann le glacadh agus ionchuimsiú. 

17 Nov 2020
Social Inclusion

Grúpa Nascála Sábháilteachta Pobail, Coireachta agus Póilíneachta

Má tá suim agat i saincheisteanna sábháilteachta pobail, coireachta nó póilíneachta, tar chuig cruinniú deiridh an ghrúpa nascála 2020. Bí in eagraíochtaí/grúpaí eile atá ina mbaill den Líonra Rannpháirtíochta Pobail chun do chuid tuairimí agus suimeanna éagsúla a phlé sa réimse seo agus ionchur ceart a bheith agat i mbeartas.