20 Nov 2020
Social Inclusion

Déan Nasc & Cuir san áireamh

An fáth gurb ionann Ionchuimsiú Digiteach agus Ionchuimsiú Sóisialta:    Bí in éineacht le Empower sa phlé ar líne seo ar an bhfáth go bhfuil cuimsiú digiteach ríthábhachtach do chuimsiú sóisialta. Cloisfimid ó dhaoine atá ag fulaingt ó bhochtaineacht dhigiteach, na gníomhaireachtaí atá ag obair chun cabhrú leo agus fiosróimid conas is féidir linn oibriú chun deireadh a chur le bochtaineacht dhigiteach in Éirinn.

19 Nov 2020
Social Inclusion

Ceardlann Féinchúraim do ‘Dhuine Fásta Maith Amháin’

Ag leanúint ar aghaidh ón gceardlann 'Duine Fásta Maith Amháin' i saol duine óig, féachfaidh an cheardlann seo ar an tábhacht agus na scileanna a bhaineann le haire a thabhairt do do chuid folláine féin agus tacú le daoine óga trí dheis a sholáthar dóibh a bplean féinchúraim féin a fhorbairt.  

19 Nov 2020
Social Inclusion

Ceardlann Feasachta Idirchultúrtha agus Éagsúlachta

Díreoidh an cheardlann ar iniúchadh a dhéanamh ar choincheap an chultúir chun feasacht a fháil ar an gcaoi a thagann cultúr chun cinn inár saol, an tionchar atá aige ar ár ndearcadh ar an domhan agus an tionchar d’fhéadfadh a bheith aige ar ár bpróiseas cinnteoireachta agus ár n-idirghníomhú le daoine eile.           

19 Nov 2020
Social Inclusion

Grúpa Nascála Tithíochta, Pleanála agus Iompair

Má tá suim agat i dtithíocht, i bpleanáil agus in iompar, tar chuig cruinniú deiridh an ghrúpa nascála i 2020. Bí le heagraíochtaí/grúpaí eile atá ina mbaill den Líonra Rannpháirtíochta Pobail chun a gcuid tuairimí agus suimeanna éagsúla a phlé sa réimse seo agus ionchur ceart a bheith acu i mbeartas.

19 Nov 2020
Social Inclusion

Ionchuimsiú agus Malartú Cultúrtha

Bí in éineacht le leanaí idir 8 - 12 bliana d’aois agus iad ag roinnt cuid dá n-oidhreacht agus traidisiúin chultúrtha trí bhia, éadaí, scéalaíocht agus ceol ó gach cearn den domhan. Is í aidhm an tionscadail don ghlúin óg an Éirinn nua a fhoghlaim, a urramú agus glacadh léi.                                                     

19 Nov 2020
Social Inclusion

Costas an Mhíchumais

Ag taispeáint píosaí scannánaíochta dóibh siúd faoi mhíchumas ag déanamh ráitis faoina fhíorchostas. Críochnóidh an t-imeacht seo le plé painéil.         

19 Nov 2020
Social Inclusion

Seirbhísí Imirce Chrois Dhearg na hÉireann:

Faigh tuilleadh eolais faoi Sheirbhísí Imirce Chrois Dhearg na hÉireann lena n-áirítear Urraíocht Pobail na hÉireann áit ar chuir daoine aonair agus teaghlaigh fáilte roimh dhídeanaithe ina bpobal áitiúil.                            

18 Nov 2020
Social Inclusion

"Ukeathon “ Ar Líne

Is ócáid micreafóin oscailte ar líne í Ukeathon a thugann daoine le chéile ó gach cearn d’Fhine Gall chun an Ucailéile a Sheinnt & Canadh. Is grúpa cairde sinn faoin mbratach  UkuleleUnited. Bíonn baill nua á lorg againn i gcónaí agus mar sin tá fáilte roimh chách.

18 Nov 2020
Social Inclusion

Fóram Imeasctha Fhine Gall

Tá an grúpa seo ag obair i dtreo Fóram Imeasctha Fhine Gall a bhunú trí chlár spriocdhírithe oiliúna agus tógála acmhainne ag críochnú le dréachtphlean oibre do thosaíochtaí imeasctha d’Fhine Gall i 2021.