Déan cara fillte, flipe, fleapa! Téigh i gcomhar leis na húdair agus na maisitheoirí Niamh Sharkey agus Mary Murphy chun cairde greannmhara, measctha agait féin a chruthú. Oiriúnach don lucht in aois 7 – 10 mbliain.
Cuirfidh Buille Nua eispéireas foghlama ar fáil ar an mbodhrán, sa rince comhaimseartha agus sa ghluaiseacht do dhaoine óga idir 12 – 18 mbliana d’aois ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis
Beidh sraith ceolchoirmeacha ceoil clasaiceach idirghníomhacha agus bríomhar do pháistí luathbhlianta agus a gcuid teaghlaigh ar siúl i bPáirc na Mílaoise, Baile Átha Cliath 15 le haghaidh Chruinniú na nÓg Dé Sathairn an 10 Meitheamh ag 12.30 - 1.15 in
Cuireann Meicnic Neimhe taithí foghlama ar fáil do leanaí trí mheán na heolaíochta chomh maith le meán na hamharcealaíona. Glacfaidh an t-ealaíontóir Aileen Murphy, an t-ealaíontóir/oideachasóir Mary Jo Gilligan, agus an t-eolaí An tOllamh Peter Gallagher páirt sa theagmháil seo ar leith le leanaí idir 10-12 bnliain d’aois. Tar éis cuairt a thabhairt ar Réadlann Dhún Sinche
Beidh an t-ealaíontóir Edel Clarkson ag treorú leanaí Scoil Náisiúnta Naomh Lúcáis, Baile an Tirialaigh, chun taisceolaíocht a dhéanamh ar bhithéagsúlacht áitiúil agus déanamh ceirmeach.
Treoróidh déantóirí amharclainne gairmiúla Sean agus Niall McDonagh ó High Rock Productions leanaí Scoil an Duinnínigh agus Gaelscoil Bhrian Bóroimhe (Sord) chun sceitsí amharclainne uathúla dá gcuid féin a chruthú bunaithe ar sheanfhinscéalta na hÉireann.
Cad iad na heachtraí atá le brath thart timpeall ort? Reáchtálfaidh an t-údar mór le rá Shane Hegarty ceardlann don scríbhneoireacht chruthaitheach. Leabharlann na Sceirí
Glac páirt i gceardlann scríbhneoireachta le Erika McGann ar Chréatúir a Chruthú. Faigh amach conas a úsáideann sí fíricí aisteacha faoi ainmnithe atá ann i ndáiríre mar inspioráid do na créatúir aisteacha atá in leabhair. Leabharlann MhullachÍde11:30am-12:30pm, Leabharlann Bhaile Brigín 2pm-3pm
Ar dtús beidh seisiún tobsmaointeoireachta ann faoin téama “Cad a fheicimid san FHARRAIGE”. Ina dhiaidh sin, ainmithe mara 3T ag baint úsáide as cré. Leabharlann Bhaile Bhlainséir11am-12pm,Leabharlann Dhomhnach Bat 2pm-3pm
Bí le Aoife ó Shaileach Chill Mhantáin agus foghlaim conas Iasc a fhí as Saileach! Rachaimid tríd na céimeanna leat ionas go mbeidh tú ábalta éisc ildaite iontacha a thabhairt abhaile leat. Leabharlann Shoird 10:30am-11:30am.