Taispeántas Bronnta Céimithe Oifig Ealaíon Fhine Gall

TheHikeINeverWentOn

‘The Hike I Never Went On'

le Paddy Joe Rickard agus Alex De Roeck

Tá gliondar croí ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le Block T, an taispeántas 'The Hike I Never Went On’ le Paddy Joe Rickard agus Alex de Roeck, a bheidh ag teacht aníos, a fhógairt. Tá an taispeántas mar chuid de Bhronnadh Céimithe Oifig Ealaíon Fhine Gall agus FUEL, Clár Amharcealaíon Block T, atá tiomanta do thacú le céimithe a bhain cáilíocht amach le déanaí agus le forbairt ghairmiúil a chur orthu.  Mar chuid de thiomantas leanúnach d’ealaíontóirí gairmiúla, chuir Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall Dámhachtain Stiúideo Céimí sé mhí ar fáil in BLOCK T agus taispeántas a cuireadh ar siúl do na hiarratasóirí rathúla, Paddy Joe Rickard agus Alex de Roeck. 

Cuirfear tús leis an Taispeántas: Déardaoin, an 9 Meitheamh 6pm - 9pm
Leanfaidh an Taispeántas ar siúl: ón 10 go dtí an 14 Meitheamh 12pm - 5pm trí choinne amháin
Teagmháil: 
[email protected]
  BLOCK T, 8 Radharc an Taiscumair, Baile Átha Cliath 8

Paddy Joe Rickard
I measc na dtaispeántas agus na ndámhachtainí a cuireadh ar siúl agus a rinneadh le déanaí, tá unFold, Mart, a bhí á choimeád ag Peter Prendergast (2015), Taispeántas Chéimithe IADT, Dún Laoghaire (2015), The Beholders Share, ÁNEÉ (2015), Have a Nice Life, Heilsincí (2014), An Awkward Encounter, Heilsincí (2014). Cuireadh ar an ngearrliosta é le haghaidh Dhámhachtain Dhánlann agus Stiúideonna an Talbóidigh don Chéimí is Tréithí 2015, Dámhachtain Chónaitheachta Céimí Stiúideo Urumhan 2015 agus bronnadh Dámhachtain Chéimí Fhine Gall 2015 air le déanaí i gcomhar le BLOCK T.
Alex De Roeck

I measc na dtaispeántas a cuireadh ar siúl agus na ndámhachtainí a bronnadh air le déanaí, tá GUMxRHA, an tAcadamh Ibeirneach Ríoga (RHA), Baile Átha Cliath, Éire (2016) Transition, Spaarbank, Tilburg. An Ísiltír, a bhí a choimeád ag Alexander J Croft (2016) Taispeántas Céimithe, an Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (2015) "because of the internet” Kunstpodium T, Tilburg, an Ísiltír (2015). Dámhachtain Chéimithe Oifig Ealaíon Fhine Gall le Bloc T, curtha ar an nGearrliosta le haghaidh Dhámhachtain Dhánlann agus Stiúideonna an Talbóidigh don Chéimí is Tréithí, Comhchónaitheacht le comharghrúpa GUM ag an Acadamh Ibeirneach Ríoga (RHA), Baile Átha Cliath. Roghnaíodh, chomh maith, chun ionadaíocht a dhéanamh don Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD) le 7 n-ealaíontóir eile ag tionscadal an Phrintísigh/an Mháistir ag Kunstpodium T, Tilburg, an Ísiltír.