Taighde ar Oideachas Luathbhlianta sna hEalaíona

Cé atá páirteach?

Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirtíocht leis na healaíontóirí Jackie Maguire agus Naomi Draper, Coiste Contae Fhine Gall um Chúram Leanaí, na seirbhísí naíolainne pobail Ros Eó agus Little Learners agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ag soláthar tionscadal Ceoil agus Amharcealaíne na bliana seo in dhá naíolann phobail i bhFine Gall, is iad sin Cúram Leanaí Pobail Ros Eó i dtuaisceart chontae Bhaile Átha Cliath agus Little Learners i mBaile Átha Cliath 15. Cuireadh tús leis an gclár i Meán Fómhair 2013.  Rinne na heagraithe cláir caidreamh le Grúpa Taighde Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath um Oideachas sna hEalaíona chun mionstaidéar a dhéanamh ar an gclár ón dtús.

Cur Síos ar an Tionscadal:
Ar dtús, glacadh le 'samhail an ealaíontóra cónaithe' inar lonnaíodh an dhá ealaíontóir sa dhá sheirbhísí ar bhonn seachtainiúil. Bhí na healaíontóirí i láthair ar feadh seisiún 3 huaire. D'eagraigh agus sholáthair siad ceardlann ceoil agus amharcealaíne le linn na tréimhse sin, agus rinne siad meastóireacht ar an seisiún chomh maith. D'oibrigh na healaíontóirí go dlúth i gcomhar le grúpa amháin cúraim leanaí (idir 3-5 bliana) i ngach suíomh agus leis na hOideachasóirí Luathbhlianta (sannta don seomra sin) chun scrúdú a dhéanamh ar dhomhain an Cheoil agus na hAmharcealaíne le chéile.  Ba phríomhaidhm an tionscadail é go bhforbródh Oideachasóirí Luathbhlianta bunús láidir maidir le ceol agus amharcealaín agus go mbeadh na scileanna acu chun na cleachtais ealaíne sin a leabú ina gcuid seirbhísí chomh luath is a chríochnóidh an clár ealaíne.

Nuair a tháinig an chónaitheacht ealaíontóra chun deiridh, tharraing meastóireacht agus machnamh aird ar na réimsí ar fiú tuilleadh scrúdaithe agus oibre a dhéanamh ina leith. Chuir an chomhpháirtíocht na hacmhainní ar fáil chun forbairt a dhéanamh ar an obair ar ar tugadh céim a haon ag an tráth sin (2013), agus chun céim a dó a bhunú, ar 'clár malartaithe cruthaithigh' é (2014-2015). Ba phríomhghné an dara céim tabhairt isteach na creatlaí ORID, rud a rinne Jackie mar mhodh meastóireachta.   Tugann an chreatlach glór do gach duine agus chuir sí fianaise mhaith ar fáil chun treoir agus eolas a dhéanamh do sholáthar amach anseo. De réir mar a d'fhorbair an tionscadal, neartiagh an chomhpháirtíocht agus cruthaíodh tríú céim, an 'clár rannpháirtíochta tuismitheoirí'.

D'fhorbair an chomhpháirtíocht taighde in éineacht leis an gclár agus mhéadaigh an staidéar chun na trí chéim go léir a chur san áireamh. Tugadh tacaíocht do na taighdeoirí cuairt a thabhairt ar na seisiúin ealaíne, scrúdú agus taifead a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus freagairtí na leanaí, cleachtóirí luathbhlianta, ealaíontóirí agus tuismitheoirí.   

Aidhmeanna an chláir:
• Chun spás taiscéalaíoch, cruthaitheach agus spraíúil ealaíonta a chur ar fáil do leanaí inar féidir leo forbairt agus fás.
• Chun feabhas a chur ar scileanna luatha litearthachta agus uimhearthachta tríd an gclár luathbhlianta ealaíne.
• Chun taifead a dhéanamh ar thorthaí agus iad a nascadh leis an gCreatlach Aistear.
• Chun forbairt a dhéanamh ar chumas Oideachasóirí Luathbhlianta ionas gur féidir leo cleachtais ealaíne a leabú ina suíomhanna.
• Chun pobal malartaithe a chruthú ina bhfoghlaimíonn na páirtithe leasmhara ar fad in éineacht lena chéile agus óna chéile, m. sh. leanaí, Oideachasóirí Luathbhlianta agus ealaíontóirí.
• Chun scrúdú a dhéanamh ar thionchar samhail na n-ealaíontóirí cónaithe a oibríonn trí dhá fhoirm ealaíne leis na leanaí agus na hOideachasóirí Luathbhlianta sa dhá sheirbhís cúraim leanaí pobail.
• Chun taighde a dhéanamh ar an gclár ealaíne luathbhlianta agus an fhoghlaim a roinnt leis na pobail ealaíne agus luathbhlianta tríd an tuairisc achomair agus ailt ina dhiaidh sin a scaipeadh.

Príomhcheisteanna Taighde:
1. An gcuireann ceol agus na hamharcealaíona feabhas ar scileanna luatha litearthachta agus uimhearthachta leanaí?
[Deirtear faoi litearthacht in Aistear go
mbaineann litearthacht le níos mó ná an cumas chun léamh agus scríobh. Baineann sé le tacaíocht a thabhairt do leanaí cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus tuiscint a fháil ar an domhain. Áirítear leis sin teanga ó bhéal agus scríofa agus córais comharthaíochta eile cosúil le matamaitic, ealaíona, fuaim, pictiúir, Braille, teanga chomharthaíochta agus ceol.  Aithníonn litearthacht chomh maith nádúr na teicneolaíochta cumarsáide faisnéise, agus an iliomad foirmeacha taispeána eile a bhaineann le leanaí, taispeáint ar scáileán san áireamh (cluichí leictreonacha, ríomhairí, an t-idirlíon, teilifís). ]
2. Ar chomhlíon an clár luathbhlianta ceoil agus amharcealaíne na téamaí, aidhmeanna agus spriocann foghlama in Aistear?
3. An ndearna an clár luathbhlianta ealaíne forbairt ar chumas na nOideachasóirí Luathbhlianta agus a dtuiscint ar Aistear?

I measc na gceisteanna taighde eile bhí:
• Ar chuir samhail an ealaíontóra cónaithe spás taiscéalaíoch, cruthaitheach agus spraíúil ealaíonta ar fáil do na leanaí sa dhá naíolann phobail?
• Cén fhianaise a bailíodh a léiríonn go raibh pobal malartaithe ann?
• Cén tionchar atá ag samhail na n-ealaíontóirí cónaithe a chuimsíonn dhá fhoirm ealaíne ar chleachtais luathbhlianta ealaíne? Cad a tharla i gcás an dá ealaíontóir?

 

Scaipeadh Taighde

Scríobhadh alt a dhéanann scrúdú ar fhorbairt litearthachta agus uimhearthachta luaithe i measc leanaí mar gheall ar a rannpháirtíocht in Artful Dodgers.  Rinneadh plé ar an alt (féach an t-achoimriú ceangailte) ag Seimineár Ealaíon Luathbhlianta Space Invaders in 2015 agus cuireadh an t-alt isteach chuig irisleabhar le haghaidh athbhreithniú piaraí.  Cuirfear an t-alt iomlán ar fáil don phobal i gcoitinne tar éis aiseolas a fháil ón irisleabhar.  Tá dara agus tríú alt á scríobh. Roinnfear píosaí scannáin ó sheimineáir anseo go luath.   

Achoimriú Taighde