Public Realm pic

Stiúideonna Ealaíon agus Ealaín Phoiblí

Discover More
Loughshinny Boathouse Artists’ Studio

Stiúideonna Ealaíon

Mar gheall ar an moladh inár bplean gníomhaíochta deireanach maidir leis na healaíona, don tréimhse 2006-10, chun 'soláthar a dhéanamh do spás stiúideo proifisiúnta i bhFine Gall', coimisiúnaíodh staidéar cuimsitheach ar ar tugadh Tuarascáil ar Stiúideonna d'Ealaíontóirí a Sholáthar, a Dhearadh agus a Bhainistiú laistigh d'Fhine Gall. Luadh na moltaí sa tuarascáil sin arís san aiseolas ón bpróiseas comhairliúcháin phoiblí ar tugadh faoi don phlean 2013-17.  I gcomhobair leis na Rannóga Oibríochta agus Ailtireachta sa Chomhairle, leanfaidh an Oifig Ealaíon de spásanna folmha agus sruthanna maoinithe a aithint, spásanna agus sruthanna ar féidir úsáid a bhaint astu agus a thabharfaidh deis chun infheistíocht i soláthar stiúideonna.

Douglas Mooney

Ealaín Phoiblí

Bhí Oifig Ealaíon Fhine Gall freagrach as líon suntasach oibreacha buana agus iomráiteacha a choimisiúnú laistigh den chontae mar chuid d'fhoirgnimh nuathógtha, bóithre nua, scoileanna nua agus tionscadail áitiúla athghiniúna.