Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Beaga le haghaidh COVID

SBAS scheme grant image

Bí ar an eolas go bhfuil an Scéim seo dúnta le haghaidh iarratais anois

Sheol an Roinn Fiontar Trádála & Fostaíochta an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Beaga le haghaidh COVID (SCGBC) le déanaí, scéim atá beartaithe chun díriú ar na gnólachtaí sin le costais oibriúcháin nach gcáilítear faoin Scéim Tacaíochta um Shrianta COVID (STSC) arna n-oibriú ag na Coimisinéirí Ioncaim. Tá na critéir incháilitheachta don dá scéim comhchosúil. Is é an riachtanas an phríomhdhifríocht idir SCGBC agus STSC, i gcás STSC, go mbeadh rochtain ag an bpobal ar áitreabh gnó. Ailíníonn SCGBC freisin le scéimeanna deontais a fógraíodh le déanaí d’earnálacha na turasóireachta, na n-ealaíon agus na siamsaíochta. 

Níl an deontas, atá ar fáil mar ranníocaíocht i leith costais sheasta chun cabhrú le gnólacht a bheith ag feidhmiú le haghaidh athoscailte faoi dheireadh, ar fáil ach d’iarratasóir atá ag feidhmiú ó mhaoin inrátaithe. Clúdaíonn an scéim an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go 30 Meitheamh 2021. Gheobhaidh gach iarratasóir incháilithe íocaíocht de €4,000 agus íocaíocht bhreise de €4,000 ó mhí na Bealtaine 2021 le hiarratasóirí a leanfaidh de chritéir incháilitheachta na scéime a chomhlíonadh, atá leagtha amach sna Ceisteanna Coitianta thíos.

Ba é an 21 Aibreán 2021 an dáta deiridh d’iarratais ar an deontas tosaigh faoi SCGBC.