Láithreáin Thréigthe

San Acht um Láithreáin Thréigthe, 1990, is é an míniú a thugtar ar “láithreán tréigthe” ná aon talamh a bhaineann, nó ar dóigh dó baint, go feadh méid ábhartha, ó thaitneamhacht, ó shainghné nó ó dhealramh na talún i gcomharsanacht na talún i gceist:
•    mar gheall ar dhéanmhais atá ina bhfothraigh, tréigthe nó contúirteach, nó
•    mar gheall ar an talamh nó na déanmhais air a bheith ligthe i bhfaillí, mímhaiseach nó gráiniúil, nó
•    mar gheall ar aon bhruscar, truflais, smionagar nó dramhaíl a bheith ann nó a bheith caite nó carntha, ach amháin i gcás an bruscar, an truflais, an smionagar nó an dramhaíl sin a bheith ann, a bheith caite nó carntha de dhroim fheidhmiú cirt a thugtar le reacht nó leis an dlí coiteann.
Ceanglaítear ort le dlí a chinntiú nach dtagann do mhaoin chun bheith tréigthe. Mura ndéanann tú amhlaidh, is féidir go ndéanfaidh d’údarás áitiúil tú a ionchúiseamh. Leis an Acht um Láithreáin Thréigthe, 1990, cuirtear ar chumas na n-údarás áitiúil aon úinéirí nach ngníomhaíonn de réir na bhfógraí oifigiúla a sheirbheáiltear orthu a ionchúiseamh. Ina theannta sin, cuirtear ar chumas na n-údarás áitiúil leis dul isteach sa láithreán agus aon oibreacha riachtanacha a dhéanamh iad féin agus costas na n-oibreacha sin a ghearradh ar úinéir an láithreáin.
 

Tuairiscigh Láithreán Tréigthe

Chun láithreán tréigthe a thuairisciú, cliceáil ANSEO, le do thoil, chun foirm um Láithreán Tréigthe a Thuairisciú a chomhlánú.
Nuair a fhaightear foirm um Láithreán Tréigthe a Thuairisciú, socróidh Comhairle Contae Fhine Gall go ndéanfar iniúchadh ar an láithreán chun a dhéanamh amach cén bhail atá air agus cé na gníomhartha, más ann, a bhféadfadh go mbeadh ceangal ar úinéir an láithreáin iad a dhéanamh. Cuirfidh Comhairle Contae Fhine Gall in iúl duit trí shraith fógraí reachtúla maidir leis an ngníomhaíocht is gá a dhéanamh ar do láithreán agus/nó an bhfuil do mhaoin á cur le Clár na Láithreán Tréigthe. I roinnt áirithe, féadfar láithreáin a bheith faoi réir ceannach éigeantach nó a fháil trí chomhaontú.
 

Faoin Acht um Láithreáin Thréigthe, 1990, is cion é:


•    Aon fhógra arna chur suas ag an údarás áitiúil i dtaobh láithreán tréigthe a aistriú as, a dhamáistiú nó a aghlot.
•    Mainneachtain na bearta a cheanglaíonn an t-údarás áitiúil a chur i gcrích chun cosc a chur ar mhaoin a aicmiú mar mhaoin thréigthe laistigh de thréimhse leithroinnte.
•    Mainneachtain fógra a thabhairt don údarás áitiúil i dtaobh aistriú talún nó i dtaobh aistriú leasa i dtalamh (seachas le huacht nó ar dhíthiomnacht) ó dhuine go duine eile. Ní mór don dá pháirtí fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás áitiúil laistigh de cheithre seachtaine ón aistriú.
•    Mainneachtain fógra a thabhairt don údarás áitiúil i dtaobh aistriú talún nó i dtaobh aistriú leasa i dtalamh trí uacht nó ar dhíthiomnacht. Ní mór don úinéir nua fógra a thabhairt don údarás áitiúil i scríbhinn laistigh de shé mhí, agus ní mór d’ionadaí an duine ar tharla an t-aistriú ar a uacht nó a huacht nó ar a dhíthiomnacht nó a díthiomnacht fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás áitiúil laistigh de dhá mhí.
•    Cosc a chur ar dhuine údaraithe dul isteach sa láithreán tréigthe nó gnó údaraithe a dhéanamh air. Féadfaidh an t-úinéir aighneachtaí reachtúla a dhéanamh nó freagraí reachtúla a thabhairt maidir leis na fógraí a fhaigheann siad.
 


Clár na Láithreán Tréigthe

Coinníonn an Chomhairle Clár Láithreán Tréigthe de réir an Achta um Láithreáin Thréigthe, 1990. Is féidir amharc ar an gClár iomlán ANSEO.
Tá an fhaisnéis a chuirtear isteach ar an gClár iomlán mar atá forordaithe in alt 8 den Acht agus folaíonn sí ainm agus seoladh úinéir agus áititheoir gach láithreáin thréigthe, na gníomhartha a rinne an Chomhairle agus margadhluach an láithreáin.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn le ríomhphost ag [email protected]  
 

Cad a tharlóidh má chuirtear do láithreán le Clár na Láithreán Tréigthe

Tá láithreáin atá curtha isteach ar an gClár faoi réir tobhach bliantúil ar láithreáin thréigthe is ionann agus 7% de mhargadhluach an láithreáin sa chéad bhliain agus suas le 10% den mhargadhluach in aon bhlianta ina dhiaidh sin. Beidh an tobhach sin i bhfeidhm go dtí go ndéanfar láithreán neamhthréigthe den láithreán.
Gearrtar ús 1.25% in aghaidh na míosa ar thobhaigh neamhíoctha. Tagann tobhaigh gan íoc chun bheith ina muirear ar an talamh go huathoibríoch agus fanfaidh siad ina muirear go dtí go mbeidh an méid tobhaigh íoctha go hiomlán. Cláraíonn an Chomhairle muirir i gClárlann na Talún/Clárlann na nGníomhas. Mar sin, i gcás go mbeidh láithreán tréigthe a bhfuil muirear cláraithe air faoi réir díola, ceanglóidh ceannaitheoirí ar dhíoltóirí an muirear a bhaint mar chuid den phróiseas tíolactha.
Féadfaidh an Chomhairle aon láithreáin atá curtha isteach ar Chlár na Láithreán Tréigthe a bhreithniú lena bhfáil freisin, bíodh sé go héigeantach nó trí chomhaontú.