Scéim Maoinithe Féilte & Imeachtaí 2023

Festival & Events Funding Scheme

Tá Scéim Maoinithe Féilte & Imeachtaí 2023 oscailte anois le haghaidh iarratas go dtí 31 Eanáir 2023.

Bunaíodh Aonad Imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall in 2010 chun imeachtaí a bhíonn á reáchtáil ar fud an Chontae a eagrú agus tacú leo. Ó bunaíodh an tAonad Imeachtaí, tá méadú suntasach tagtha ar iarratais ar imeachtaí. Is éard atá sa chlár tacaíochta meascán d’imeachtaí de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, imeachtaí atá á reáchtáil i gcomhpháirt le comhlachtaí eile a bhfuil cuspóirí cosúla acu, agus imeachtaí eagraithe ag eagraíochtaí seachtracha a fhaigheann maoiniú go díreach ó Chomhairle Contae Fhine Gall trí chlár cúnaimh airgeadais.

Is ionann Féilte agus Imeachtaí agus bealach chun cruthaitheacht agus éagsúlacht a cheiliúradh agus tá tionchar an-dearfach acu ar shaibhreas cultúrtha Fhine Gall. Gach bliain, reáchtáiltear beagnach 70 imeacht ar fud an chontae, idir mórfhéilte ceoil agus amharclannaíochta agus féilte bia mara, féilte áitiúla samhraidh, imeachtaí agus paráidí atá á reáchtáil ag pobail.

Is deis atá ann do na hearnálacha ealaíon, spóirt, bia, staire agus siamsaíochta iad féin a chur i láthair an phobail agus ceiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas stíleanna maireachtála agus réimsí spéise. Cruthaíonn siad buntáistí geilleagracha, sóisialta agus cultúrtha do phobail. I gcomhthéacs geilleagrach, spreagann imeachtaí fás an gheilleagair áitiúil agus i gcomhthéacs sóisialta, tacaíonn siad le mórtas pobail, soláthraíonn siad oideachas agus neartaíonn siad caidreamh pobail.
Deis atá sa scéim seo maoiniú a fháil faoi thrí Shnáithe le haghaidh Féilte & Imeachtaí a bheidh á reáchtáil in 2023.

Seo a leanas na trí shnáithe de mhaoiniú le haghaidh Imeachtaí agus Féilte:

 

  • S1: Soláthar agus Clársceidealú Féilte & Imeachtaí Mionscála & Nua
  • S2: Soláthar agus Clársceidealú Féilte agus Imeachtaí Meánmhéide agus Mórscála
  • S3: Forbairt agus Inbhuanaitheacht Gheilleagrach Féilte agus Imeachtaí

Cuir isteach ar líne anseo: https://fingalcoco.submit.com/show/20

Foirm Iarratais i nGaeilge