Measúnacht Chuí le tosú: Cinneadh maidir le Scagadh. 18 Lúnasa 2021

Tá ANCA ag dul ar aghaidh le Measúnacht Chuí a dhéanamh maidir le Cuspóir Laghdaithe Torainn agus Breith Rialála a d’eascair as measúnú a rinneadh ar chúrsaí torainn mar gheall ar iarratas pleanála F20A/0668

Tá ANCA ag leanúint de thabhairt faoi Mheasúnacht Chuí maidir le Cuspóir Laghdaithe Torainn agus Breith Rialála a d’eascair as measúnú a rinneadh ar chúrsaí torainn mar gheall ar iarratas pleanála F20A/0668.

Is ionann Measúnacht Chuí agus breithniú ar na himpleachtaí caomhnaithe dúlra a d’fhéadfadh a bheith i gceist le beartas, plean nó clár ar láithreáin Natura 2000. Is láithreáin iad sin a bhfuil an tábhacht bithéagsúlachta is airde i gceist leo maidir leis na gnáthóga is neamhchoitianta agus is mó atá faoi bhagairt ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá na gnáthóga sin comhdhéanta de limistéir a dtugtar Limistéir Cosanta Speisialta (SPAnna) agus Limistéir Chaomhantais Speisialta (SACanna) orthu.

Nuair a bheidh an Mheasúnacht Chuí sin tugtha chun críche, tabharfaidh ANCA cuireadh don phobal i gcoitinne tuairimí a thabhairt i ndáil leis an Ráiteas Tionchar Natura.

Is féidir féachaint ar an bhfógra poiblí iomlán anseo

Is féidir Taifead Ordú an Phríomhfheidhmeannaigh agus an Cinneadh iomlán AA maidir le Scagadh a léamh anseo