Seolann Leabharlanna Fhine Gall rSheirbhísí nua chun tacú le foghlaim le linn na dianghlasála

Is féidir le scolaíocht bhaile agus foghlaim ar líne a bheith an-deacair, go háirithe faoi na cúinsí reatha.

Mar sin féin, ba mhaith le Leabharlanna Fhine Gall lámh chúnta a thabhairt le seoladh dhá rSheirbhís úrnua a thacaíonn le litearthacht agus oideachas STEAM.

Oibríonn an chéad cheann de na breiseanna nua, Lexia, ar líofacht, stór focal, agus tuiscint, rud a ligeann d’úsáideoirí de gach aois na scileanna ríthábhachtacha a dhéanann léitheoir rathúil a chleachtadh. Oiriúnach go maith don fhoghlaim phearsantaithe, tá an clár éasca le húsáid, le saoráid amháin do dhaltaí bunscoile, agus ceann eile do dhaltaí meánscoile agus do dhaoine fásta. An rud is fearr ar fad, is féidir rochtain a fháil air ar scoil, sa bhaile nó sa leabharlann fiú. 

Is clár ar líne é Lexia atá deartha chun cabhrú le scileanna léitheoireachta a fheabhsú. Le Lexia, faigheann úsáideoirí an deis chun na scileanna a dhéanann léitheoir rathúil a chleachtadh agus a fhorbairt. Ina measc seo tá líofacht, stór focal agus tuiscint. Chomh maith leis sin, déantar iad a dhearadh ar bhealach a chumasaíonn foghlaimeoirí an clár a úsáid ar scoil, sa leabharlann nó sa bhaile.

Tá dhá leagan de Lexia ar fáil dár mbaill: Tá Lexia Core 5 atá oiriúnach le húsáid ag daltaí bunscoile, agus tá Clár Litearthachta Lexia Power Up ann do dhaltaí meánscoile agus do dhaoine fásta.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Agus muid ag dul isteach i dtréimhse eile de shrianta diana tá sé tábhachtach seirbhísí a sholáthar dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu. Cuideoidh na cláir seo atá á dtairiscint ag ár seirbhísí Leabharlainne leo siúd a bheidh ag brath ar scolaíocht bhaile agus foghlaim ar líne sna seachtainí atá amach romhainn. Tá foireann na Leabharlann thar barr ó thús na paindéime maidir le bealaí nua a chruthú chun seirbhísí a sholáthar dár gcónaitheoirí agus níl anseo ach cuid de na cláir líonmhara a chruthaigh siad.”

Is scil atá ag éirí níos tábhachtaí agus níos cotianta é an códúchán agus tugann sé deis do leanaí a bheith liteartha go digiteach ar bhealach spraoiúil agus spreagúil. Cuirfidh Clubanna Códúcháin nua de chuid Leabharlanna Fhine Gall in éineacht le Códúchán Éireann ceachtanna agus turgnaimh praiticiúla atá inrochtana go héasca ar fáil do thuismitheoirí, do mhúinteoirí, agus do leanaí. Tá ceithre chlub oscailte faoi láthair le haghaidh aoiseanna 6 – 7; 8 – 10; 11-13 agus 14+. Cé go mbeidh cúnamh ó thuismitheoirí ag teastáil ó na haoisghrúpaí níos óige, cuirtear na ranganna ar bun chun ligean do na haoisghrúpaí níos sine oibriú go neamhspleách ar a luas féin.

Trí chódúchán, is féidir le leanaí a bheith liteartha go digiteach i dteanga nua; ceann atá ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí. Cothaíonn códúchán cruthaitheacht agus cuidíonn sé leis an bpróiseas foghlama trí ligean do chódóirí foghlaim trí dhéanamh agus trí thástáil.

Soláthróidh ár gclubanna códúcháin ar líne le Códúchán Éireann uirlisí atá inrochtana go héasca do thuismitheoirí agus do leanaí a bhfuil suim acu i bhfoghlaim conas códúchán a dhéanamh.  

“Tá fíoráthas orainn a bheith in ann Lexia agus Clubanna Códúcháin a thairiscint dár n-iasachtaithe,” a dúirt an Leabharlannaí Contae, Betty Boardman “go háirithe ag am nuair a bhíonn go leor teaghlach, agus go deimhin múinteoirí, faoi bhrú ollmhór.”

“Tá súil againn, in éineacht leis an gcuid eile dár sraith de rSheirbhísí, go soláthróidh na breiseanna nua seo gné bhreise ar líne dár seirbhísí leabharlainne agus go dtairgfidh siad caithimh aimsire nua spraoiúla agus oideachasúla dár n-iasachtaithe níos óige.”

“Cuirfidh na r-sheirbhísí breise seo, atá saor in aisce do bhaill na leabharlainne, uirlis luachmhar ar fáil do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí le húsáid mar chuid den ghnáthghníomhaíocht sa seomra ranga nó le haghaidh scolaíocht bhaile” a dúirt Emer O’Gorman, Stiúrthóir Seirbhísí “agus is comhartha iad dár dtiomantas chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag ár ndaoine óga agus leanaí ar uirlisí tábhachtacha litearthachta agus litearthachta digití.”

Tagann Lexia agus Clubanna Códúcháin le chéile le rSheirbhísí lena n-áirítear BorrowBox, RBDigital, Universal Class, Transparent Language agus Britannica, chun cúpla ceann a ainmniú. Tá gach rSheirbhís ar fáil saor in aisce do bhaill leabharlainne, agus is féidir rochtain a fháil orthu ag https://www.fingal.ie/council/service/fingal-library-eservices-and-eresources-online.

Tá rochtain saor in aisce ag baill de Leabharlanna Fhine Gall ar ár seirbhísí agus ár n-acmhainní iontacha ar líne. Cuirimid nuachtáin dhigiteacha, irisleabhair, greannáin, sruthú ceoil, ríomhleabhair, closleabhair, tadhallchlóscríobh, cúrsa oideachasúil agus go leor eile ar fáil.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar rSheirbhísí Leabharlanna Fhine Gall, téigh chuig an nasc thuas, nó seol ríomhphost chuig [email protected] .