Baineadh an réamhfhógra don Trá Mhín, Port Mearnóg

Velvet Strand 4

Tar éis dul i gcomhairle leis an FSS agus toisc nár tharla aon ró-shreabhadh ón mbáisteach a rabhthas ag súil leis agus dá bhrí sin nár tharla an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar cháilíocht uisce, baineadh an Fógra Réamhrabhaidh don Trá Mhín, Port Mearnóg.

Is é an 29 Meitheamh, 2020 an chéad sampláil eile d’uisce snámha sceidealta don trá agus beidh na torthaí ar fáil ar an gCéadaoin 1 Iúil.

Is féidir le baill an phobail cáilíocht uisce a sheiceáil ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn roimh ré trí rochtain a fháil ar shuíomh Gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí a sheiceáil ag an mbealach isteach de gach trá.