Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Fhine Gall Feidhmeanna Reachtúla

Tá roinnt feidhmeanna reachtúla ag Coistí Forbartha Pobail Áitiúil:

1. (a) Bheith freagrach as cláir maoinithe náisiúnta ag leibhéal áitiúil.  In 2015-2017 tacóidh feidhmiú an Chláir Cuimsithe Sóisialta agus Gníomhachtaithe Pobail  le straitéisí áitiúla do phobail agus do dhaoine aonair. Aimseoidh agus tabharfaidh sé faoi cheisteanna a bhaineann le cuimsiú sóisialta, cuirfidh sé rochtain ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, fostaíocht agus fiontar sóisialta chun cinn. 

Tuilleadh maidir le SICAP anseo

1. (b) An ghné LEADER den Chlár Forbartha Tuaithe (2015-2020) a éascú le tacú le tionscadail forbartha geilleagraí inbhuanaithe do phobail tuaithe, idir thurasóireacht, agraibhia agus ghníomhaíochtaí gnó eile.

Eolas breise faoi LEADER agus cuir i láthair ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

2. Comhordú cláir forbartha áitiúil agus pobail a fhaigheann maoiniú poiblí a fheabhsú agus dúbláil a laghdú.

3. Na gné pobail agus athbhreithnithe de ghnéithe geilleagracha de  Threoirlínte Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.