Uaireanta oscailte agus teachtaireacht sábháilteachta do Dheireadh Seachtaine na Cásca

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil ár n-oifigí, lena n-áirítear Leabharlanna dúnta ó am scoir gnó Déardaoin 2 Aibreán agus go n-osclóidh siad arís Dé Máirt, an 7 Aibreán. 

Yellow Warning Gaeilge

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil ár n-oifigí, lena n-áirítear Leabharlanna dúnta ó am scoir gnó Déardaoin 2 Aibreán agus go n-osclóidh siad arís Dé Máirt, an 7 Aibreán. Beidh an dá Ionad Athchúrsála dúnta Dé hAoine, an 3ú Aibreán agus Dé Luain, an 6ú Aibreán 2026 agus oscailte Dé Sathairn 4ú Aibreán.

Rabhadh Gaoithe Buí d’Éirinn
Tabharfaidh Stoirm Dave léi gaotha an-láidir aneas, a thiontóidh ina ngaotha aniar faoin tráthnóna, agus séideáin throma agus gálaí cósta ann.

Tionchair fhéideartha:
· Roinnt crainn thite agus craobhacha tite
· Tonnta a bheith ag dul thar maoil
· Dálaí deacra taistil
· Smionagar, agus rudaí scaoilte a bheith curtha as áit
Bailí: 13:00 Dé Sathairn an 04/04/2026 go dtí 02:00 Dé Domhnaigh an 05/04/2026 

•  Tiomáin agus tú ag súil le séideáin láidre agus le guaiseacha eile amhail crainn atá ag titim/crainn thite. Tá feithiclí taobharda agus gluaisrothaithe leochaileach go háirithe i leith gaotha láidre – moilligh agus tabhair spás breise do choisithe agus do rothaithe.
•  D’fhéadfadh tonnta a bheith ag dul thar maoil, borradh stoirme a bheith ann agus tuilte taoide a bheith ann i limistéir chósta, go háirithe i suíomhanna ísle. Fan siar ar imill chósta, ar chuanta, ar chéanna agus ar phromanáidí ísle le linn lán mara. Seo í an chomhairle ó Gharda Cósta na hÉireann fós: “Fan Siar, Fan Ard, Fan Tirim”.
•  D’fhéadfadh tonnta a bheith ag dul thar maoil agus tuilte a bheith ann i limistéir chósta ísle agus neamhchosanta mar gheall ar ghaotha láidre aniar aneas ón bhfarraige agus ar thonnta arda in éineacht.
•  Le taoidí arda réalteolaíocha (rabhartaí) a tharlóidh i gcomhthráth le borradh stoirme agus le gaotha leanúnacha ón bhfarraige, cuirfear leis an mbaol go dtarlóidh tuilte cósta.
•  Tiocfaidh Foláireamh Lán Mara in éifeacht Dé Sathairn, do chontaetha an chósta Atlantaigh agus an chósta dheisceartaigh.
•  Fan ar an eolas trí shuíomh Gréasáin, aip agus cainéil meán sóisialta Met Éireann.

. www.met.ie 

Bain sult as Deireadh Seachtaine Saoire Bainc Lúnasa agus bí cinnte go dtapaíonn tú an deis cuairt a thabhairt ar ár bPáirceanna agus ar chósta Fhine Gall chun do scíth a ligean.

Foghlaim faoinár bPáirceanna i bhFine Gall anseo

Foghlaim faoinár dTránna i bhFine Gall anseo

Má théann tú chuig an trá, cuimhnigh chun smaoineamh ar shábháilteacht.

Water safety
park right

Bí tuisceanach do chónaitheoirí áitiúla le do thoil - má chinneann tú tiomáint, páirceáil in áiteanna sainithe & tóg aon bhruscar abhaile leat, glan suas i ndiaidh do mhadra agus cabhraigh linn ár dtránna a choinneáil le cuma úrnua ionas gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint as. #leavenotrace #fágganlorg

Smaoinigh Roimh Pháirceáil! Ná páirceáil ar línte buí dúbailte, ar chiumhais fhéir, ar lánaí rothar, nó in aice le trasrianta scoile nó coisithe. Cuimhnigh faoi Fhodhlíthe Rialaithe Páirceála Chomhairle Contae Fhine Gall go bhfuil cosc ​​ar pháirceáil mhídhleathach agus chontúirteach agus go ngearrfar Fógra Pionóis Muirear Seasta ort. Má théann tú chuig ár dtránna nó ár bpáirceanna, bí tuisceanach do chónaitheoirí áitiúla le do thoil - má chineann tú tiomáint, páirceáil in áiteanna ainmnithe le do thoil.

Green dog walker

Cinntigh go bhfuil do mhadra bródúil asat agus tusa a bheith i do siúlóir madra freagrach an deireadh seachtaine seo. Cinntigh go bhfuil do mhadra ar éill nó faoi smacht éifeachtach i gcónaí agus cuimhnigh chun glanadh suas ina dhiaidh. Faigh tuilleadh eolais anseo

Gardai road safety.jpg

Smaoinigh ar Shábháilteacht ar Bhóithre

An deireadh seachtaine Saoire Bainc seo, cabhraigh linn pé áit a bhfuil gach duine ag dul a shroiceadh amach go sábháilte. Caith do chrios sábhála, ísligh do luas agus ná tiomáin riamh faoi thionchar alcóil nó drugaí.

Recycling Centres Gaeilge Easter Opening times.jpg

Uaireanta Oscailte na Cásca san Ionad Athchúrsála

Féach uaireanta oscailte na Cásca d’Ionad Athchúrsála an Inbhir agus Ionaid Athchúrsála Chúil Mhín:

Dúnta Dé hAoine, an 3ú Aibreán agus Dé Luain, an 6ú Aibreán 2026

Gnáthuaireanta oscailte Dé Sathairn, 4 Aibreán 2026 - 8am go 6pm

Nóta: Is é an cead isteach deireanach d'fheithiclí ná 30 nóiméad roimh dhúnadh

Féach: https://www.fingal.ie/ga/ionaid-athchursala 

Boating Safety Infographic Easter 2025

Easter weekend prompts joint water safety appeal by the Irish Coast Guard, Water Safety Ireland, and the RNLI.

Ahead of the Easter weekend, the Irish Coast Guard, Water Safety Ireland, and the RNLI are urging people to take simple safety precautions when visiting the coast or planning activities on or near the water.

Those using kayaks, canoes, paddleboards, small motorboats, and sailing dinghies, are asked to ‘Plan and Prepare’ by following the Code of Practice for the Safe Operation of Recreational Craft available at www.safetyonthewater.gov.ie.

Water temperatures are still cold, which significantly increases the risk of cold-water shock and hypothermia, not only for swimmers but also those who fall into water accidentally.

Some key safety advice for all water users:

• Check the weather, wind and tide times before going in, on, or near water

• Wear an appropriate lifejacket, including when angling from shore

• Operate your craft at a safe speed appropriate to the weather conditions and other water users 

• Inform someone on shore of your plans and time you will return

• Always carry a means of calling and signalling for help

• Get the right level of training for your craft

 If you see somebody in trouble on the water or along the coast or think that they are in trouble, use marine VHF radio Ch 16 or dial 112 and ask for the Coast Guard.