Tugann Leabharlanna nuálacha aghaidh ar aosú an daonra

Mobile Library

Tá lúcháir ar leabharlanna Fhine Gall a bheith ag obair le hAoisbhá Éireann agus leabharlanna eile ar fud an chontae chun forbairt a dhéanamh ar ár leabharlanna ar bhealach atá báúil le haois. Sheol an tAire Michael Ring, An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Clár Náisiúnta Aitheantais do Leabharlanna Aoisbháúla i mBaile Átha Cliath go hoifigiúil inniu.

 

Tá céatadán na seandaoine ag dul i méid i mbeagnach gach tír ar an domhan agus de réir mar a théann ionchas saoil in airde, fásann an gá lena chinntiú gur tír iontach í Éire le bheith ag dul in aois inti chomh maith.

 

In 2016, léirigh sonraí ó shuirbhé an Tionscnaimh Aosaithe Shláintiúil agus Dhearfaigh nach raibh go leor daoine ag baint úsáide as a leabharlanna poiblí, agus dúirt go leor díobh go raibh sé deacair rochtain a fháil orthu. De thairbhe na dtorthaí sin, chuir Aoisbhá Éireann tús le próiseas le Coiste Forbartha na Leabharlanna agus Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach chun leabharlanna a spreagadh le forbairt a dhéanamh ar bhealach atá níos báúla don aois. D'ainmnigh gach údarás áitiúil leabharlann amháin nó níos mó mar Leabharlann Aoisbháúil agus chuir Aoisbhá Éireann oiliúint maidir le prionsabail aoisbháúla do 48 leabharlann ar fud na tíre in Eanáir na bliana seo.

 

Fuair dhá Leabharlann de chuid Fhine Gall, leabharlann an Rois agus leabharlann Mhullach Íde an chairt Aoisbhá ag an searmanas inniu.

 

Tá sé ag teacht le chéile le beartas na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail chun obair a dhéanamh le leabharlanna chun forbairt a dhéanamh ar bhealach atá níos báúla don aois. Déanann an Straitéis do Leabharlanna Poiblí 2018-2022, a foilsíodh i mbliana, forbairt ar fhorbairtí seirbhíse agus teicneolaíochta le déanaí chun béim a leagan ar rochtain níos fearr, úsáid níos fearr agus ar stádas na leabharlanna poiblí i measc an phobail. Is é aidhm na straitéise leabharlanna a fhorbairt mar na háiteanna is rogha le daoine le haghaidh réimse seirbhísí poiblí inbhuanaithe comhtháite.

 

Rinneadh dul chun cinn an-mhór maidir le cláreagrú leabharlainne, maidir le hobair le hÉire Shláintiúil, oiliúint i scileanna digiteacha, tacaíochtaí gnó agus catalóg náisiúnta leabharlainne poiblí, chomh maith le hacmhainní ar líne agus cúrsaí ríomhfhoghlama. Céim eile na forbartha a chuireann leis an straitéis do leabharlanna agus a leabaíonn iad níos doimhne sna pobail ar a bhfreastalaíonn siad is ea leabharlanna a dhéanamh níos báúla don aois.

 

Dúirt an tAire Tuaithe agus Forbartha Pobail, Michael Ring go "leagann an straitéis do leabharlanna poiblí, Ár Leabharlanna Poiblí 2022 – Pobail a Spreagadh, a Cheangal agus a Chumasú béim ar bhacainní rochtana a bhaint, inrochtaineacht a fheabhsú, agus spás fáilteach agus ionchuimsitheach a chur ar fáil do gach duine. Tá Leabharlanna Aoisbháúla ag cur feabhais ar sheirbhísí agus áiseanna agus ag déanamh cinnte go bhfuilimid ag comhlíonadh riachtanais na seandaoine inár bpobail. Táimid ag iarraidh áit iontach le cónaí ann agus le dul in aois ann a dhéanamh d'Éirinn agus tá ríméad orm a rá go bhfuil ár leabharlanna ag tacú linn. Tá ranganna scileanna digiteacha agus ranganna sláinte agus folláine á gcur ar fáil acu, tá gníomhaíochtaí ó ghlúin go glúin á n-óstáil acu, agus tacaíochtaí á gcur ar fáil acu do dhaoine a bhfuil néaltrú acu, cosúil le 'boird draíochta', agus tá ríméad orm an Clár Náisiúnta Aitheantais do Leabharlanna Aoisbháúla a sheoladh."

 

Dúirt Príomh-Oifigeach Aoisbhá Éireann, Catherine McGuigan: "Is príomhaidhm an Chláir Aoisbhá Éireann agus na hearnála rialtais áitiúil é an timpeallacht thógtha agus spásanna poiblí a dhéanamh báúil le haois ionas go mbeidh daoine de gach aois tairbhe a bhaint astu. Breathnaíonn seandaoine ar leabharlanna mar mhol lárnach ina nglacann daoine páirt ina bpobail áitiúla. Is cuid ríthábhachtach de shláinte agus folláine í páirtíocht shóisialta. Tá ríméad orainn inniu go n-aithnítear ár leabharlanna as a rannpháirtíocht agus tiomantas dá leabharlanna a dhéanamh báúil le haois agus go bhfuiltear ag déanamh ceiliúradh ar an obair iontach atá á tosú ar fud na hÉireann."

 

Dúirt Leabharlannaí Contae Chontae Fhine Gall, Betty Boardman, "Tá an-áthas orm go bhfuair dhá Leabharlann Fhine Gall, Mullach Íde agus An Ros, an chairt Aoisbhá. Ghlac foireann leabharlainne i bhFine Gall leis an tionscadal Aoisbhá agus cuireann siad seirbhís ar fáil atá fáilteach, inrochtana agus nuálach. Tá tionscnaimh bhreise á dtabhairt isteach ag na brainsí seo, ní hamháin chun leasa na ndaoine níos sine sa phobal ach chun leasa daoine óga agus seandaoine araon."

 

Cé gur aitheantas é imeacht an lae inniu as an obair ar leith atá á déanamh ag na leabharlanna, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuiltear ag tús an phróisis, agus tá sé beartaithe an tionscnamh seo a leathnú chuig leabharlanna eile ar fud na tíre.

 

CRÍOCH

 

Le haghaidh tuilleadh eolais, seol ríomhphost chuig [email protected]

 

Nótaí don Eagarthóir:

 

Aoisbhá Éireann

 

Cuireann aosú na sochaithe ceann de na dúshláin is mó atá roimh rialtais ar fud an domhain inniu. Tá líon na ndaoine atá 65 nó os a chionn níos airde anois ná ag aon tráth eile roimhe seo. Tá méadú tagtha ar ár n-ionchas saoil, ó 78.8 bliain in 2005 go dtí 81.4 bliain in 2015. Ba cheart fáilte a chur roimh an athrú déimeagrafach seo. Cuireann aosú ár ndaonra in Éirinn deiseanna iontacha ar fáil dár gcaipiteal sóisialta ó ghlúin go glúin. Bainfidh ár sochaí leas as taithí agus eolas ár seandaoine. Le deich mbliana anuas, d'aithin Aoisbhá Éireann na dúshláin agus deiseanna atá ann maidir le haosú ár ndaonra. Tá Aoisbhá Éireann tiomanta, agus é ag obair le húdaráis áitiúla, dá chinntiú go bhfuil Éire freagrúil do riachtanais daoine de gach aois agus cumas de réir mar a théann siad in aois.

 

Déanann Aoisbhá Éireann comhordú ar an gClár do Chathracha agus Contaetha Aoisbhácha in Éirinn. Seirbhís cheaptha chomhroinnte a óstálann Comhairle Contae na Mí is ea Aoisbhá Éireann. Tugann sé tacaíochtaí le chéile agus cuireann sé treoirlínte teicniúla ar fáil do na 31 Clár Cathrach agus Contae Aoisbhá á stiúradh ag údaráis áitiúla agus tá tacaíocht á tabhairt dóibh ag iliomad gníomhaireachtaí.

 

Tá freagairt trasrialtais agus ilearnálacha ag teastáil chun Éire inbhuanaithe a thógáil dár ndaonra atá ag dul in aois. Faoi láthair, tá ceithre Roinn Rialtais, ag leibhéal an Rúnaí Chúnta, ina mball de Ghrúpa Comhairleach Náisiúnta Aoisbhá Éireann (An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, An Roinn Sláinte), chomh maith le 3 Príomhfheidhmeannach in Údaráis Áitiúla, Stiúrthóir Náisiúnta i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Coimisinéir Cúnta sa Gharda Síochána agus POF Chumann Chomhlachais Tráchtála na hÉireann.

 

Thoiligh gach 31 údarás áitiúil leis an gClár Aoisbhá agus bhunaigh siad Comhaontas Aoisbhá (a ndéanann an Príomhfheidhmeannach den údarás áitiúil nó Cathaoirleach Neamhspleách cathaoirleacht orthu) agus Comhairle éagsúil do Sheandaoine a dhéanann ionadaíocht ar réimse seandaoine. Tá Bainisteoir Cláir Aoisbhá tiomnaithe i ngach údarás áitiúil a thacaíonn le cur i bhfeidhm na straitéise áitiúla. Tá ról ríthábhachtach aige ó thaobh gníomhaíochtaí na Straitéise Náisiúnta um Aosú Dearfach a chur i bhfeidhm. Braitheann an obair seo go léir ar chur chuige comhpháirtíochta agus guth an tseanduine a bheith i lár na bhforbairtí sin go léir.

 

Is cleamhnaí an Chláir Cathracha agus Pobail Aoisbháúla de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte é Aoisbhá Éireann. Is iarracht idirnáisiúnta é sin a seoladh in 2006 chun tacú le cathracha agus pobail ullmhú d'aosú tapa an daonra agus d'uirbiú atá ag tarlú ag an am céanna. Faoi láthair, tá níos mó ná 700 cathair i 39 tír tar éis dul isteach i líonra domhanda cathracha agus pobail aoisbháúla de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte chun aosú sláintiúil gníomhach a chur chun cinn agus caighdeán na beatha a fheabhsú do dhaoine os cionn 60.