Tugann Bóthar Ongar-Chnoc an Sciobóil Deis Nua don Cheantar

Man turning sod of earth on spade

Tá BAM Civil Teo ceaptha ag Comhairle Contae Fhine Gall mar chonraitheoir do thógáil Bóthar Ceangail Ongar-Chnoc an Sciobóil agus casadh an fhód ar siúl níos luaithe inniu.

Mayor turns sod surrounded by councillors, staff and elected representatives

Is cuspóir seanbhunaithe de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall é an Bóthar Ceangail Ongar-Chnoc an Sciobóil i mBaile Átha Cliath 15. Feabhsóidh an conair nua ardchaighdeáin iompair seo go mór inrochtaineacht do mhodhanna taistil inbhuanaithe agus gníomhacha sa limistéar seo atá ag fás go tapa. Tacóidh sé freisin le tiomantas leanúnach Fhine Gall chun tacú le soláthar tithe nua trí rochtain nua a sholáthar ar na ceantair máguaird de thailte cónaithe criosaithe. Cuimsíonn an tionscadal thart ar 1.8km d’áiseanna bóthair, cosáin agus rothaíochta agus rithfidh sé ó Thimpeallán an Bhearnbhálaigh go Lána Bhaile an Bhearbóraigh Theas. Is é an príomhghné a bheidh aige ná droichead nua a thrasnaíonn líne iarnróid Dhún Búinne.

Tá an gréasán bóithre áitiúla reatha faoin tuath den chuid is mó. Agus forbairt shuntasach déanta le blianta beaga anuas, feabhsóidh an bonneagar nua-aimseartha seo sábháilteacht bóithre do chách anois agus sna blianta amach romhainn de réir mar a thiocfaidh forbairtí nua i bhfeidhm.

Ghlac Comhairle Contae Fhine Gall le Plean Ceantair Áitiúil Chnoc an Sciobóil i bhFeabhra 2019 agus beidh an tionscadal bóthair seo mar thaca d’fhorbairt inbhuanaithe ar fhorbairt shuntasach chónaithe laistigh de na tailte PCÁ (Plean Ceantair Áitiúil) sin. Beidh an ceantar ina shuíomh do thart ar 1,200 teach nua agus spás páirce agus áitribh tráchtála beartaithe don suíomh freisin.

Contract signing with BAM for Ongar Barnhill Road
Mayor turns sod on spade surrounded by men and women standing on grass verge

Soláthraíonn scéim Bóthar Ceangail Ongar-Chnoc an Sciobóil naisc siúlóide agus rothaíochta chuig Glasbhealach na Canálach Ríoga agus tá sé deartha chun cur le soláthar Dart+ Thiar amach anseo, a neartóidh an gréasán áitiúil inbhuanaithe agus Taistil Gníomhach.

Le costas tógála de thart ar €20m maoinithe ag tobhaigh forbartha Chomhairle Contae Fhine Gall, tá an conraitheoir innealtóireachta BAM Civil Teo ceaptha chun tús a chur le hoibreacha i mí Mheán Fómhair le clár tógála dhá bhliain.

Rinne Comhairle Contae Fhine Gall ceiliúradh inniu ar casadh oifigiúil an fhóid nuair a bhog BAM go dtí an láthair agus cuireadh tús le tógáil.

Deir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy gur cloch mhíle mhór don cheantar é inniu. “Braitheann forbairt tithíochta nua laistigh de thailte Phlean Ceantair Áitiúil Chnoc an Sciobóil ar rochtain a bheith curtha ar fáil don cheantar. Ní hamháin go mbeidh sé níos fusa ag an mBóthar Ceangail nua seo taisteal chuig scoileanna áitiúla dóibh siúd atá ina gcónaí anseo cheana féin, ach osclóidh sé an doras freisin d’fhorbairt tithíochta nua atá ar siúl i mBaile Átha Cliath 15 ionas gur féidir le teaghlaigh atá ag lorg áit chónaithe a dteach a dhéanamh laistigh den pobal iontach seo.”

Deireann Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, “Táimid ag úsáid ár gcur chuige bonneagair ar dtús arís. Trí bhóithre, cosáin agus lánaí rothar ar ardchaighdeán a chur ar fáil baineann an ceantar leas láithreach as nascacht níos fearr agus nuair a thosófar ar fhorbairt tithíochta amach anseo beidh na tithe sin nasctha leis an bpobal cheana féin agus leis na háiseanna go léir atá anseo mar ionaid spóirt, cúram leanaí, scoileanna, agus siopaí.”

Deireann Paul Carroll, Innealtóir Sinsearach leis an Roinn Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall “Slánóidh an Bóthar Ceangail Ongar-Chnoc an Sciobóil roinnt riachtanas sa cheantar. Soláthróidh sé turais níos tapúla agus níos sábháilte ag siúl nó ag rothaíocht chuig scoileanna agus tithe in Ongar agus Cnoc an Sciobóil, nascfaidh sé bealaí áitiúla le Glasbhealach álainn na Canálach Ríoga agus níos tábhachtaí fós osclóidh sé spás nua d’fhorbairt riachtanach tithíochta ag am a bhfuil tithíocht ar éileamh ard. Is cuspóirí iad seo go léir a bhfuilimid an-sásta tabhairt fúthu agus muid ag dul i mbun na tógála inniu.”

Deireann Alasdair Henderson, Stiúrthóir Feidhmiúcháin BAM Éireann, “Tá lúcháir ar BAM leanúint ar aghaidh ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall agus Clifton Scannell Emerson ar an tionscadal seo a fheabhsóidh nascacht, a chuirfidh Taisteal Gníomhach chun cinn sa phobal, agus a éascóidh forbairt straitéiseach an limistéir seo d’fhorbairt tithíochta.”

Tá tuilleadh eolais faoin tionscadal le fáil ag https://www.fingal.ie/planning/strategic-infrastructure/ongar-barnhill