TOSAÍONN ANCA MEASÚNÚ AR THORANN AERÁRTHAÍ AG AERFORT BHAILE ÁTHA CLIATH

Is é an t-iarratas ó Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath ná na coinníollacha pleanála a bhaineann le cead pleanála roimhe seo maidir le srianta oibriúcháin ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a athrú.

Tá ANCA freagrach as a chinntiú go ndéantar torann a ghineann gníomhaíocht aerárthaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a mheas de réir reachtaíocht an AE agus na hÉireann. Ina mheasúnú ar staid an torainn ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, cinnteoidh ANCA go nglacfar Cur Chuige Cothromaithe ICAO i leith Bainistíocht Torainn Aerárthaí.  

Mar chuid dá mheasúnú, tionólfaidh ANCA comhairliúchán poiblí 14 seachtaine tar éis dréachtchinneadh rialála a fhoilsiú. Déanfaidh ANCA breithniú ar an aiseolas go léir a sholáthrófar sula ndéanfar cinneadh rialála deiridh. Fógrófar tuilleadh faisnéise faoin gcomhairliúchán poiblí tar éis na céime tosaigh de phróiseas measúnaithe ANCA.

D’ainmnigh an tAcht um Thorann Aerárthaí (Aerfort Bhaile Átha Cliath) a Rialáil, 2019 Comhairle Contae Fhine Gall mar an t-údarás inniúil maidir le rialáil torainn aerárthaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhunaigh Comhairle Contae Fhine Gall An tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí (ANCA) i 2019.