Torthaí ar Cháilíocht an Uisce Snámha an 25 Iúil
Torthaí ar shamplaí a tógadh an 25 Iúil. Sna torthaí tástála Cáilíochta Uisce Snámha is déanaí tá an caighdeán “sármhaith” bainte amach ag na huiscí snámha sainaitheanta i bhFine Gall go léir

Torthaí ar shamplaí a tógadh an 25 Iúil. Sna torthaí tástála Cáilíochta Uisce Snámha is déanaí tá an caighdeán “sármhaith” bainte amach ag na huiscí snámha sainaitheanta i bhFine Gall go léir
Tar éis dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), bainfidh Comhairle Contae Fhine Gall fógraí toirmisc (Toirmeasc ar Shnámh) inniu ó na tránna seo a leanas: Baile Brigín, Loch Sionnaigh, an Ros Thuaidh, Mullach Íde, Port Mearnóg agus Claremont. Bainfidh an Chomhairle na fógraí Réamhrabhaidh (Comhairle Gan Snámh) ó na tránna seo a leanas inniu freisin: na Sceirí, an Ros Theas, Port Reachrann, Domhnach Bat agus Cill Fhionntain.
Déanfar sampláil ar na tránna uile an tseachtain seo chugainn idir an 5 Lúnasa (Baile Brigín, na Sceirí, Loch Sionnaigh, an Ros Thuaidh agus Theas, Port Reachrann agus Domhnach Bat) agus an 6 Lúnasa (Claremont, Cill Fhionntain, Port Mearnóg agus Mullach Íde).
Foilseofar na torthaí an 7 Lúnasa agus an 8 Lúnasa faoi seach.
Is féidir le baill den phobal cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí rochtain a fháil ar shuíomh Gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoi (EPA) ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag an mbealach isteach chuig gach trá a sheiceáil.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar thránna agus uisce snámha féach Tránna agus Uisce Snámha
Chun eolas a fháil ar Ghardaí Tarrthála na seachtaine seo féach Soláthar Garda Tarrthála
Chun breathnú ar míniú ar na caighdeáin a úsáidtear chun torthaí uisce snámha a thuairisciú, téigh chuig https://www.fingal.ie/ga/monatoireacht-ar-chailiocht-uisce-snamha-ceisteanna-coitianta
Faigh faisnéis faoi do thrá áitiúil i bhFine Gall anseo: