Torthaí ar Cháilíocht an Uisce Snámha an 21 Iúil

Torthaí ar shamplaí a tógadh an 21 Iúil. Go dona: trá Claremont, trá na Trá Tosaigh, Baile Brigín, trá an Rois Thuaidh agus trá Mhullach Íde. Go maith: Domhnach Bat. Go sármhaith – na tránna atá fágtha, ach tá fógraí réamhrabhaidh i bhfeidhm fós i gcás nár cuireadh Fógraí Toirmisc (Toirmeasc ar Shnámh) ina n-ionad.

Bathing water table 24 July 2025

Fuarthas torthaí na dtástálacha a rinneadh an 21 Iúil mar a leanas:

Go dona: trá Claremont, trá na Trá Tosaigh, Baile Brigín, trá an Rois Thuaidh agus trá Mhullach Íde – tagann Fógraí Toirmisc (Toirmeasc ar Shnámh) in ionad Réamhrabhadh ag na tránna sin

Go maith: Domhnach Bat – tá athshampláil le heagrú

Go sármhaith: na tránna atá fágtha – ach tá fógraí réamhrabhaidh i bhfeidhm fós i gcás nár cuireadh Fógraí Toirmisc (Toirmeasc ar Shnámh) ina n-ionad.

Tar éis dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), cinneadh Fógraí Toirmisc (Toirmeasc ar Shnámh) a chur in ionad fógraí réamhrabhaidh ag trá Loch Sionnaigh agus ag trá na Trá Míne, Port Mearnóg, tar éis eachtraí sreafa uisce a thuairiscigh Uisce Éireann tar éis na báistí troime an 21/7/25 (rabhadh báistí oráiste i bhfeidhm). Tá athshamplálacha le heagrú. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thránna agus faoi uisce snámha, féach Tránna agus Uisce Snámha Chun faisnéis a fháil faoi Ghardaí Tarrthála an tseachtain seo, féach Gardaí Tarrthála a Sholáthar

Is féidir le daoine den phobal cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar faireachán orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí shuíomh Gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil a rochtain ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag bealach isteach gach trá a sheiceáil.

Chun amharc ar mhíniú ar na caighdeáin a úsáidtear chun torthaí uisce snámha a thuairisciú, téigh chuig https://www.fingal.ie/bathing-water-quality-monitoring-faqs 

Faigh faisnéis faoi do thrá áitiúil i bhFine Gall anseo: