Taiscéalann an Taoiseach forbairt nua tithíochta ar mhórscála atá faoi bhealach i bhFine Gall

Inniu bhí aird ar tógáil tithíocht atá faoi bhealach i gceann de na réigiúin is mó fás sa tír, agus an Taoiseach Micheál Martin ar cuairt ar Fhine Gall chun tithe nua a fheiceáil á dtógáil ag ceann d’fhorbairtí suaitheanta na Comhairle i mBaile Átha Cliath 15.

Pictured during the Housing Briefing at Church Fields in Dublin 15 on November 1, 2022 were (from left): Paul Donnelly TD, Minister Roderic O'Gorman, Minister Jack Chambers, An Taoiseach Michéal Martin, AnnMarie Farrelyy, Chief Executive, Fingal County Council; Cllr Howard Mahony, Mayor of Fingal;  Robert Burns Director of Housing and Community Development, Fingal County Council; Minister Darragh O'Brien.

Inniu bhí aird ar tógáil tithíocht atá faoi bhealach i gceann de na réigiúin is mó fás sa tír, agus an Taoiseach Micheál Martin ar cuairt ar Fhine Gall chun tithe nua a fheiceáil á dtógáil ag ceann d’fhorbairtí suaitheanta na Comhairle i mBaile Átha Cliath 15.

Suite i Mullach Eadrad, tá Church Fields ar cheann de na forbairtí is mó atá faoi bealach ag Fine Gall faoi láthair. Cé go bhfuil thart ar 100 teach sóisialta beagnach críochnaithe anois, nuair a bheidh an fhorbairt iomlán curtha i gcrích cuirfidh sé thart ar 1,000 réadmhaoin nua ar fáil ar shuíomh 37 heicteár.

Is éard a bheidh sna tithe a bheidh ar fáil ná arasáin ina bhfuil aon nó dhá sheomra leapa agus tithe ina bhfuil trí nó ceithre sheomra leapa. Beidh réadmhaoin ar fáil mar mheascán de tithíocht ceannaigh inacmhainne, cíos costais agus shóisialta. Beidh áiseanna miondíola agus pobail mar chuid den fhorbairt freisin. Tá an fhorbairt iomlán dírithe ar phobail inbhuanaithe a chruthú agus a chur chun cinn.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Howard Mahony: “Tá Fine Gall tiomanta d’infheistíocht a dhéanamh i dtithíocht a chuidíonn le pobail níos cuimsithí agus níos spleodraí a chruthú ar fud an Chontae. Ag Church Fields tá sampla iontach againn ar cad is féidir a dhéanamh chun freastal ar an riachtanas atá ag méadú do thithe inacmhainne. Toisc a chóngaracht do phríomh-bhonneagar agus d’áiseanna áitiúla is áit tharraingteach é do thionóntaí féideartha.”

Ag féachaint ar an bhforbairt, dúirt an Taoiseach Micheál Martin: “Is dúshlán i gcónaí é tithíocht shóisialta a sholáthar chun freastal ar riachtanais reatha agus sa todhchaí dár saoránaigh go léir san aeráid reatha. Sin an fáth a bhfuil áthas an domhain orm a bheith in ann scéim spreagúil mar seo a fheiceáil ag bogadh ar aghaidh go tapa, go háirithe toisc go gcabhraíonn sé le tithe a sholáthar i gceann de na ceantair daonra is mó fás sa tír agus go gcuideoidh na tithe nua seo le hídiú fuinnimh a íoslaghdú agus astaíochtaí carbóin a laghdú.”

Tá dea-theist ag Fine Gall i seachadadh tithe sóisialta dóibh siúd ar a liosta tithíochta agus tá sé mar aidhm aige thart ar 3,300 teach sóisialta nuathógtha a sheachadadh roimh 2026, chomh maith le 1,000 teach inacmhainne breise a cheannach agus a chostas ar cíos thar an tréimhse chéanna. Níl forbairt Church Fields ach ar cheann de chláir uaillmhianacha tógála na Comhairle atá i bhfeidhm faoi láthair, le cinn eile lena n-áirítear iad siúd i gCeapach i mBaile Átha Cliath 11, i mBaile Hae sa Ros, i mBaile Mastún i nDomhnach Bat agus i mBaile na Haicéadaigh sna Sceirí.

Beidh na tithe go léir inslithe agus téite go maith le teaschaidéal foinse aeir ísealcharbóin, rud a fhágfaidh go mbeidh na réadmhaoine an-tíosach ar fhuinneamh agus a chuideoidh le costais teasa a laghdú do chónaitheoirí. Is áitribh oiriúnaithe iad roinnt tithe ag Church Fields freisin a fhreastalóidh ar riachtanais iarratasóirí a bhfuil tosaíochtaí leighis éagsúla acu – ní hamháin a bhaineann le haoise ach iad siúd atá faoi mhíchumas céadfach, intleachta, fisiciúil nó meabhairshláinte freisin.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly,: “Tá dea-theist againn ar thithíocht nua a thógáil i bhFine Gall. Ó 2015, bhíomar in ann os cionn 9,200 teach sóisialta agus inacmhainne a sholáthar do chónaitheoirí. In éineacht lenár gcomhpháirtithe , táimid tiomanta do 4,300 teach ardcháilíochta breise le raon áiseanna agus spásanna glasa a thabhairt ar líne thar na ceithre bliana atá romhainn.”

Chomh maith leis an bhforbairt tithíochta nua, tá obair le déanamh freisin ar thógáil Bóthar Ceangail agus Gréasán Rothaíochta Church Fields, tionscadal a chuimsíonn an chéad timpeallán ar nós na hÍsiltíre in Éirinn. Táthar ag súil go gcríochnófar é seo in 2023.

In éineacht leis an Taoiseach i Mullach Eadrad bhí Méara Fhine Gall, an Clr. Howard Mahony, an tAire Tithíochta TD Darragh O’Brien, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige TD Roderic O’Gorman, Aire Gnóthaí Gaeltachta agus Spóirt  TD Jack Chambers, chomh maith le comhairleoirí Fhine Gall agus baill Oireachtais a dhéanann ionadaíocht ar Bhaile Átha Cliath Thiar.

Tar éis chuairt ar Church Fields, d’oscail an Taoiseach go h’oifigiúil scéim tithíochta sóisialta i mBóthar Thobar Muire in aice láimhe. Arna fhorbairt ag Tithíocht Clúid agus tógtha ar thalamh Fhine Gall i gcroílár Mhullach Eadrad, tá 65 réadmhaoin i mBóthar Thobar Muire, agus is tithe tiomnaithe aoisbhá an tríú cuid díobh.

Mayor of Fingal, Cllr Howard Mahony, Taoiseach Michéal Martin and Fingal County Council Chief Executive AnnMarie Farrelly pictured during a visit to the Council's Housing Development at Church Fields, Dublin 15.
Taoiseach Churchfield Councillors