Small Actions, Big Difference: Sraith Beochana Nua ar Ghníomhú ar son na hAeráide Seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall le haghaidh Sheachtain Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide
Tá cónaitheoirí ar fud Fhine Gall á spreagadh chun gníomhartha simplí dearfacha aeráide a dhéanamh trí shraith nua físeán beoite atá seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall.
Tá cónaitheoirí ar fud Fhine Gall á spreagadh chun gníomhartha simplí dearfacha aeráide a dhéanamh trí shraith nua físeán beoite atá seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall.
Sa tsraith sé chlár, tarraingítear aird ar na bearta praiticiúla is féidir le daoine aonair, le teaghlaigh agus le pobail a dhéanamh chun difear a dhéanamh sa ghnáthshaol laethúil, amhail fuinneamh a shábháil, iompar inbhuanaithe a roghnú, an bhithéagsúlacht a chosaint, dramhaíl a laghdú, athléimneacht in aghaidh tuilte a fhorbairt, agus páirt a ghlacadh i ngníomhú áitiúil ar son na haeráide.
Forbraíodh na beochaintí mar chuid de thiomantas leanúnach Chomhairle Contae Fhine Gall don ghníomhú ar son na haeráide, agus is é an aidhm atá leo a thaispeáint gur féidir tús a chur le hathruithe fiúntacha le gníomhartha beaga ar an leibhéal áitiúil.
“Is féidir le gníomhú ar son na haeráide a bheith ina rud scanrúil in amanna, ach léirítear sna beochaintí seo gur féidir le gach duine ról a imirt,” arsa an Comh. Gráinne Maguire, Leas-Mhéara Fhine Gall. “Trí dhíriú ar ghníomhartha praiticiúla inacmhainne, tá súil againn go gcumhachtófar daoine agus pobail chun athruithe dearfacha a dhéanamh a mbeidh fíorthionchar acu i dteannta a chéile.”
Agus iad á seoladh i gcomhthráth le Seachtain Bhaile Átha Cliath um Ghníomhú ar son na hAeráide, tá sé mar aidhm leis na beochaintí seo daoine ar fud an Chontae a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhú ar son na haeráide ar bhealach praiticiúil dearfach. Agus pobail ar fud an Chontae ag glacadh páirt in imeachtaí agus i ngníomhaíochtaí ar fud na seachtaine, tarraingítear aird sa tsraith ar na gnáthghníomhartha beaga is féidir linn a dhéanamh mar dhaoine aonair, bíodh roghanna iompair níos inbhuanaithe a dhéanamh, tacú leis an mbithéagsúlacht áitiúil nó páirt a ghlacadh i dtionscnaimh áitiúla aeráide i gceist leo.
“Is é atá i ngníomhú ar son na haeráide ná rud ar féidir le gach duine páirt a ghlacadh ann,” arsa David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall. “Tá na beochaintí seo ceaptha chun spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine chun bearta praiticiúla a dhéanamh a rachaidh chun tairbhe don chomhshaol agus dá bpobail araon.”
Déantar iniúchadh sa tsraith ar shé phríomhthéama:
- Fuinneamh
- Iompar
- Bithéagsúlacht
- An Geilleagar Ciorclach
- Athléimneacht in aghaidh Tuilte
- Rannpháirtíocht an Phobail
Tá na beochaintí ar fáil le hamharc orthu anseo: Sraith Beochana ar Ghníomhú ar son na hAeráide Small Actions, Big Difference