Sraith Beochana ar Ghníomhú ar son na hAeráide Small Actions, Big Difference

Tugann Comhairle Contae Fhine Gall cuireadh do chónaitheoirí agus do phobail chun páirt a ghlacadh sa ghníomhú ar son na haeráide trí shraith nua gearrfhíseán beoite. Léirítear sa tsraith seo, atá roinnte ina sé chlár, conas is féidir le gnáthghníomhartha simplí fíordhifear a dhéanamh sa bhaile, sa phobal agus ar fud Fhine Gall.

Maidir leis an tSraith

Dírítear i ngach físeán ar phríomhthéama, agus iad ag léiriú gníomhartha éasca inrochtana ar féidir leat tús a chur leo inniu, rud a chabhróidh le Fine Gall níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe a thógáil do chách.

Fuinneamh

Bealaí simplí chun úsáid fuinnimh sa bhaile a laghdú, chun billí a ísliú, agus chun astaíochtaí a laghdú.

 

Iompar

Roghanna malartacha praiticiúla ar thaisteal de charr — siúl, rothaíocht, iompar poiblí agus roghanna taistil níos cliste. 

Bithéagsúlacht

Conas tacú leis an dúlra i do ghairdín agus i do phobal, agus cabhrú leis an bhfiadhúlra teacht faoi bhláth. 

An Geilleagar Ciorclach

Leideanna le haghaidh dramhaíl a laghdú, athchúrsáil i gceart agus bogadh i dtreo geilleagar ciorclach 

Athléimneacht in aghaidh Tuilte

Gníomhartha chun cabhrú le do theach agus do phobal a chosaint ar thuilte 

Gníomhú Pobail ar son na hAeráide

Conas páirt a ghlacadh ar bhonn áitiúil agus a bheith páirteach i réitigh chomhchoiteanna aeráide. 

An Fáth a bhfuil sé Tábhachtach

Tosaíonn dul i mbun gnímh ar an athrú aeráide le gnáthroghanna laethúla. Trí athruithe beaga praiticiúla a dhéanamh, is féidir le daoine aonair agus le pobail rannchuidiú i dteannta a chéile le timpeallacht níos sláintiúla, le pobail níos láidre, agus le todhchaí níos inbhuanaithe.

Tarraingítear aird sa tsraith seo ar ghníomhartha atá tairbhiúil don chomhshaol agus atá réadúil, inacmhainne agus indéanta ag an am céanna..