Seolann Comhairle Contae Fhine Gall deontais chun bochtaineacht dhigiteach a chomhrac faoi Scéim Chiste Éigeandála Covid-19

Tá tionscnamh nua seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi Scéim Chiste Éigeandála Covid-19 atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht dhigiteach trí dheontais suas le €3,000 a bhronnadh chun a chumasú do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí áitiúla rochtain a sholáthar ar theicneolaíocht dhigiteach do na daoine is leochailí sa phobal

Tá tionscnamh nua seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi Scéim Chiste Éigeandála Covid-19 atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht dhigiteach trí dheontais suas le €3,000 a bhronnadh chun a chumasú do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí áitiúla rochtain a sholáthar ar theicneolaíocht dhigiteach do na daoine is leochailí sa phobal.

Tá Covid-19 tar éis seirbhísí, earraí agus teagmhálacha sóisialta a bhogadh ar líne den chuid is mó, agus chuir an gá le trealamh ríthábhachtach mar ríomhairí glúine, dangail agus teicneolaíocht ar líne béim ar shaincheisteanna na bochtaineachta digití agus na rochtana i measc gach aois agus grúpa.

Cuireadh tús leis an scéim deontais tar éis d’Fhóram Glaonna Pobail Fhine Gall comhaontú maoiniú a leithdháileadh ó Scéim Chiste Éigeandála Covid-19 ar réimse na bochtaineachta digití.

Bunaíodh Fóram Glaonna Pobail Fhine Gall ag tús na paindéime agus tá sé comhdhéanta d’eagraíochtaí reachtúla, deonacha & pobail agus cuideachtaí forbartha áitiúla.

Bhunaigh an Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail Scéim Chiste Éigeandála Covid-19 chun a chinntiú go seachadtar seirbhísí ríthábhachtacha do bhaill na sochaí atá níos leochailí agus atá ag cocúnú le linn na paindéime.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Ciallaíonn Covid-19 go raibh baint níos mó ná riamh ag teicneolaíocht dhigiteach le teagmháil a choinneáil le teaghlaigh agus le cairde, rochtain a fháil ar sheirbhísí agus faisnéis a fháil.

“Molaim an scéim deontais seo a bhfuil sé mar aidhm aici cabhrú le daoine fanacht nasctha, fanacht gnóthach agus fanacht ar an eolas”.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá sé mar aidhm ag an scéim deontais a seoladh inniu cabhrú le grúpaí agus le heagraíochtaí áitiúla agus iad ag iarraidh an deighilt dhigiteach a dhúnadh.

“Is ceist an-phráinneach í an bhochtaineacht dhigiteach le linn Covid-19, toisc go gcuireann easpa rochtana ar theicneolaíocht teorainn le cumas daoine aonair agus pobail ceangal lena chéile, rochtain a fháil ar sheirbhísí, agus deiseanna a aimsiú."

Caithfidh an t-iarratas ar dheontas tionchar a bhaint amach i gceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

  • Oideachas, athoiliúint nó oiliúint ar líne a chumasú do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste
  • Oideachas agus oiliúint ar líne a chumasú do dhaoine óga i mbunscoileanna
  • Dul i ngleic le huaigneas

Cuimsíonn teicneolaíocht incháilithe:

  • Ríomhairí glúine - nua nó athchóirithe
  • Táibléid - nua nó athchóirithe
  • Fóin
  • Fóin Chliste
  • Feistí Wifi
  • Ardáin ar líne a chruthú
  • Rochtain ar ardáin ar líne

Incháilitheacht le haghaidh Maoinithe

  • Eagraíochtaí le cuntas teiste maidir le seirbhísí a sholáthar dóibh siúd is leochailí inár bpobal (daoine óga, daoine aosta, faoi mhíbhuntáiste, ar an imeall) i gcás gur shainaithin na seirbhísí sin go bhfuil gá le teicneolaíocht/trealamh digiteach chun rochtain ar a gcuid seirbhísí digiteacha a chumasú
  • I measc na n-eagraíochtaí incháilithe tá cuideachtaí forbartha áitiúla, seirbhísí óige, seirbhísí tacaíochta teaghlaigh agus seirbhísí do dhaoine níos sine
  • Caithfidh eagraíochtaí a bheith in ann rialachas oiriúnach agus struchtúr bainistíochta airgeadais a léiriú
  • Caithfidh eagraíochtaí a léiriú go bhfuil siad ag cloí le treoirlínte sláinte poiblí

·       Ní cháileoidh tograí ó dhaoine aonair

An Próiseas Breithmheasa agus Cinnidh - Áireofar ar na príomhchritéir chun iarratais a mheas:

  • Téann an tionscadal i ngleic le heisiamh digiteach mar thoradh ar bhochtaineacht
  • Neart an iarratais agus an fhaisnéis a chuirtear ar fáil
  • Sprioc um chuimsiú sóisialta
  • Cumas an ghrúpa an tionscadal a chur i gcrích
  • Tionchar an tionscadail léirithe go soiléir
  • Inbhuanaitheacht an tionscadail
  • Caithfidh an grúpa a bheith ina bhall de Líonra Rannpháirtíochta Pobail Fhine Gall (PPN)
  • Breithneoidh coiste meastóireachta gach iarratas a dhéanfar faoin scéim seo. Is é an t-uasdeontas atá ar fáil ná €3,000 in aghaidh na heagraíochta/an ghrúpa ach beidh an méid a bhronntar ag brath ar an bhfreagairt ar an nglao maoinithe seo agus is faoi rogha Chomhairle Contae Fhine Gall. Tabharfar tosaíocht do na grúpaí sin a léiríonn an cumas comhaoiniú a sholáthar.

Dáta Deiridh

·       An 27 Samhain 2020 an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a fháil.

·       Caithfear gach iarratas a chur isteach ar líne.

·       Cliceáil “ar aghaidh” le do thoil chun d’iarratas a thosú.

·       All applications must be submitted online at this link https://form.jotform.com/202713657274053