Seoladh Poiblí Leabharlann Carnegie, Sord

Leis an taispeántas AN COMÓRTAS (The Contest) le John Byrne Aoichainteoir Luke Clancy Dé Domhnaigh 28ú Aibreán, 2024 2in–4in (Cuireadh amháin) agus ar oscailt don phobal chun féachaint air ón 1 Bealtaine, 2024 – 1 Meitheamh, 2024 gach Céadaoin, Aoine, agus Satharn ó 10rn – 5in (dúnta ó 1–2in).

The Contest - John Byrne

Tá fíoráthas ar Oifig Ealaíon Fhine Gall Clár Ealaíon & Rannpháirtíochta Leabharlann Carnegie 2024 a sheoladh. Feidhmeoidh an spás nua seo mar mhol le haghaidh rannpháirtíocht an phobail agus rannpháirteachas poiblí chun tacú le fás ealaíontóirí, feasacht ar an ealaíon a chur chun cinn agus nuálaíocht a spreagadh de réir mar atá Comhairle Contae Fhine Gall ag ullmhú chun Ceathrú Chultúrtha Shoird a sheachadadh. Is é an t-imeacht tionscnaimh a bheidh ar siúl i Leabharlann Carnegie ná seoladh taispéantais (cuireadh amháin) ar an Domhnach 28 Aibreán, 2024, ó 2in go 4in ina mbeidh saothar nua le duine de na healaíontóirí is bisiúla in Éirinn John Byrne, dar teideal An Comórtas (The Contest). Beidh an léiritheoir agus láithreoir Luke Clancy i láthair ar an lá freisin chun saothar John a chur i láthair.

Léirigh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, díograis mhór don tionscadal, á rá: “Is sainchomhartha a bhfuil an- mheas air Leabharlann Shaor Carnegie a sheasann mar eiseamláir eolais agus cultúir i Sord ó bunaíodh í i 1908. Agus í anois ina spás athchóirithe álainn, ní hamháin go bhfuil foirgneamh á athoscailt againn ach tá infheistiú á dhéanamh againn i dtodhchaí intleachtúil agus ealaíonta ár bpobail.”

Feidhmeoidh an foirgneamh, a bunaíodh ar dtús i 1908 agus atá aitheanta mar Struchtúr Cosanta, mar ionad dinimiciúil do ghníomhaíochtaí pobail agus ealaíon. Tá síneadh nua dhá-stór ann a fheabhsóidh inrochtaineacht agus seirbhísí. Tá sé mar chuid d’fhorbairt níos leithne ar Cheathrú Chultúrtha Shoird.

Labhair AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gallfaoi shuntas an tionscadail freisin.“Léiríonnan spás iontach nua seo ár dtiomantas do thimpeallacht a chothú ina bhfuil na healaíona, an cultúr agus an oidhreacht faoi bhláth i dteannta a chéile. Is dul chun cinn dearfach é freisin i bhforbairt Cheathrú Chultúrtha Shoird a chuimseoidh Leabharlann Contae nua, ionad ealaíon agus léirithe, agus 49 teach nua feadh na Sráide Thuaidh agus Bóthar Bhaile na Mara,” a dúirt sí.

Beidh saothar nua le duine de na healaíontóirí is bisiúla in Éirinn, John Byrne, dar teideal An Comórtas (The Contest) mar chuid den ócáid tionscnaimh ag Leabharlann Carnegie. Coimisiúnaíodh an saothar ealaíne íocónach seo trí Bhonneagar Chlár Ealaíne Poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall. Léirigh an treoir teacht Cheathrú Chultúrtha Shoird agus mar thoradh, cruthaíodh saothar le, ar son agus mar gheall ar mhuintir Fhine Gall. D’fhreagair breis agus 60 ball den phobal an glao “ar mhaith leat go mbuanófaí do chuimhne san ealaín?” Léiríonn An Comórtas (The Contest) fís d’Fhine Gall comhaimseartha dúinn ina bhfuil tagairtí láidre do phictiúir stairiúla Eorpacha. Seolfar an taispeántas Dé Domhnaigh 28 Aibreán ó 2in go 4in agus beidh sé ar oscailt don phobal chun féachaint air ón 1 Bealtaine, 2024 – 1 Meitheamh, 2024 gach Céadaoin, Aoine, agus Satharn ó 10rn – 5in (dúnta ó 1–2in).

Tugann Oifigeach Ealaíon an Chontae Sarah O’Neill, míniú dúinn, “Is sampla foirfe é saothar nua John Byrne den chaoi ar mian linn ealaíontóirí a chur i gcroílár ár bpobail. Tabharfaidh an clár ag Leabharlann Carnegie deis dúinn tírdhreach cultúrtha nua a chruthú ar bhonn inbhuanaithe i Sord trí chomhairliúchán, trí rannpháirtíocht an phobail agus trí choimisiúnú ionas go mbeidh acmhainn tógtha againn do lucht féachana agus d’ealaíontóirí le chéile nuair a bheidh Ceathrú Chultúrtha Shoird ann.”
Tá sé mar aidhm ag na cláir ag Leabharlann nua Carnegie rannpháirtíocht an phobail a léiriú trí ardán a sholáthar d’ealaíontóirí gairmiúla agus do phobail atá ag fás. Déanfaidh siad gach iarracht chun go mbeidh siad ag teacht le coimisiúin Ealaíne Poiblí Fhine Gall atá ann cheana féin, atá beartaithe agus a bheidh ann amach anseo agus le tionscadail Ealaíon Óige Fhine Gall agus iad a chur san áireamh agus, áit a mbeidh cláir bunaithe ar chomhairliúchán le heagraíochtaí ealaíon náisiúnta agus idirnáisiúnta, chun a chinntiú go gcloítear leis na cleachtais is fearr agus sinn ag pleanáil chun fís Cheathrú Chultúrtha Shoird a chomhlíonadh.

Nótaí: 

John Byrne
Rugadh John i mBéal Feirste áit ar fhreastail sé ar choláiste ealaíne sular bhain sé céim amach ó Scoil Slade i Londain.Tá sé ag maireachtáil agus ag obair i mBaile Átha Cliath ó 1996, agus tá roinnt saothar ealaíne poiblí mór le rá cruthaithe aige lena n-áirítear Dublin’s Last Supper (2004) agus Misneach (2010), dealbh chuimhneacháin eachaíochta i mBaile Munna. I measc na mórshaothar eile tá The Border Interpretative Centre (2000), Would You Die for Ireland (2003) agus Good Works, IMMA (2012) Toghadh chuid Aosdána é sa bhliain 2015.

www.john-byrne.ie

Luke Clancy 

Is léiritheoir agus láithreoir é Luke ar ghnéchlár cultúir laethúil a bhfuil gradaim buaite aige darb ainm Culture File ar RTÉ Lyric fm, agus ar a chomhchláir ag an deireadh seachtaine, The Culture File Weekly, agus The Culture File Debate. Áirítear lena shaothar raidió eile cláir a bhfuil gradaim buaite acu ar nós Skelligs Calling, ar dhomhan fuaime Sceilg Mhichíl, agus na drámaí raidió, In Praise of Darkness agus The Vision Service.

Clár Ealaíne Poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall

Tá Bonneagar Chlár Ealaíne Poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall arna mhaoiniú mar chuid de Scéim Náisiúnta an Chéatadáin don Ealaín  https://www.gov.ie/en/publication/38b6d-per-cent-for-art/ 

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gclár, tabhair cuairt ar www.fingalarts.ie/infrastructure

Taispeántas

Beidh an taispeántas ar oscailt ó 10rn – 5in (dúnta ó 1–2in) ar an gCéadaoin, Aoine & Satharn ón 1ú Bealtaine – 1ú Meitheamh i Leabharlann Carnegie, An tSráid Thuaidh, Páirceanna an Bhaile Sord, Co. Bhaile Átha Cliath

Teagmháil

Linda Shevlin, Programme Development Manager %6cinda.shev%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected] [email protected]