Seoladh “Foraois Fhine Gall, Straitéis Crann d’Fhine Gall”:

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall a Dréacht-Straitéis Crann dár teideal “Foraois Fhine Gall, Straitéis Crann d’Fhine Gall – Dréacht-Doiciméad”. Tá an Dréacht-Straitéis anois ag dul trí Phróiseas Comhairliúcháin Poiblí Neamhreachtúil a thosaigh ar Lá Náisiúnta na gCrann 2020 ar 1 Deireadh Fómhair go dtí deireadh Sheachtain Náisiúnta na gCrann i Márta 2021.

Is í aidhm an Phróisis Chomhairliúcháin seo deis a thabhairt don phobail na cuspóirí, na beartais agus na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Dréacht-Straitéis a scrúdú agus athruithe a mholadh de réir mar is cuí. 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Is léiriú é an t-athbhreithniú ar Straitéis Crann d’Fhine Gall, Foraois Fhine Gall, de thiomantas leanúnach na Comhairle aire a thabhairt do cheann dá hacmhainní nádúrtha agus sócmhainní is tábhachtaí, a crainn. Feabhsaíonn crainn Sláinte agus Folláine agus Caighdeán Beatha ár saoránach agus cuideoidh sé le todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach i bhFine Gall.”

Bainistíonn Comhairle Contae Fhine Gall thart ar 2,000 Heictéar de Spás Oscailte Poiblí agus tá talamh coille suntasach ag go leor páirceanna poiblí sa chontae a bhfuil tírdhreacha tábhachtacha agus  íocónacha iontu go minic. Tá timpeall 70,000 crann ag Fine Gall freisin ar shráideanna agus i spásanna oscailte cónaithe, a bhfuil an chuid is mó díobh á gcothabháil ag an údarás áitiúil.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Aithníonn an Chomhairle an chaoi ar chuidigh crainn uirbeacha agus spás glas go suntasach le tírdhreach na mbailte agus na sráidbhailte ar fud an chontae a mhúnlú agus tá súil agam go dtapóidh daoine an deis é a léamh sna míosa atá amach romhainn agus athruithe a mholadh sa chás go mbraitheann siad gur gá iad a dhéanamh.”

Ullmhaíodh an Dréacht-Doiciméad Straitéise Crann i gcomhthéacs Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide na Comhairle 2019-2024, An Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta agus An Straitéis Spáis Oscailte.

Chun féachaint ar an Dréacht-Straitéis agus do thuairim a chur in iúl ar a bhfuil ann, téigh le do thoil chuig ár dtairseach comhairliúcháin ar line https://consult.fingal.ie/browse