Seoladh Clár Léitheoireachta Samhraidh Réaltaí an tSamhraidh Leabharlanna Fhine Gall

Sheol Méara Fhine Gall, David Healy, agus an Leabharlannaí Contae, Betty Boardman, clár bliantúil Léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh de chuid Leabharlanna Fhine Gall Dé Céadaoin, an 2 Meitheamh i Leabharlann Mhullach Íde.

Summer stars launch

Sheol Méara Fhine Gall, David Healy, agus an Leabharlannaí Contae, Betty Boardman, clár bliantúil Léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh de chuid Leabharlanna Fhine Gall Dé Céadaoin, an 2 Meitheamh i Leabharlann Mhullach Íde.

Clár spreagúil atá bunaithe ar léitheoireacht é Réaltaí an tSamhraidh a chuirtear ar fáil saor in aisce do gach leanbh fud fad na tíre. Cuirfear ar siúl é i ngach leabharlann i bhFine Gall go dtí an 31 Lúnasa agus é mar phríomhsprioc aige an léitheoireacht a spreagadh i rith shaoirí an tsamhraidh. Tugtar cuireadh do gach leanbh clárú do dhúshlán léitheoireachta an tsamhraidh agus bronnfar luaíochtaí agus beidh dreasachtaí ar fáil i rith an chláir agus cuirfear imeacht deireanach mór ar siúl do gach rannpháirtí.

Mar chuid den chlár, cuirfear réimse imeachtaí do leanaí ar siúl ar líne i rith an tsamhraidh a mheallfaidh gach spéis – cuairteanna údair, ceardlanna teicneolaíochta, scríbhneoireacht chruthaitheach, ealaíona agus ceardaíocht, scéalaíocht, ceardlanna garraíodóireachta agus físeáin bhithéagsúlachta.

Mhol Méara Fhine Gall, an Comh. David Healy, an Clár agus dúirt sé:  “Tá gliondar croí orm Clár Léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh de chuid Leabharlanna Fhine Gall a sheoladh, a bhfuil liosta iontach agus ilchineálach imeachtaí aige chun siamsaíocht agus spreagadh a sholáthar do leanaí ar fud an chontae an samhradh seo agus a spreagfaidh an léitheoireacht.”

Dúirt an Leabharlannaí Contae, Betty Bordman: “Bealach spraíúil chun leanaí a spreagadh leanúint ag léamh i rith na saoirí scoile é Clár Léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh. D’eagraigh foireann na leabharlainne rogha iontach imeachtaí ar aon dul leis an gClár a choimeádfaidh leanaí gafa gnóthach gan aird ar an aimsir.”

Chun teacht ar shonraí faoi ghníomhaíochtaí agus imeachtaí, tabhair cóip de bhróisiúr samhraidh Leabharlanna Fhine Gall leat atá ar fáil ag do leabharlann áitiúil nó caith súil air ar líne ag láithreán gréasáin Leabharlanna Fhine Gall.  Is féidir leat an t-eolas is déanaí a fháil faoi imeachtaí Réaltaí an tSamhraidh trí Leabharlanna Fhine Gall a leanúint ar Facebook agus Twitter.

 

CRÍOCH

Chun teacht ar eolas breise, déan teagmháil le:

Marguerite Drake / Enda Greene

Imeachtaí agus Caidreamh Poiblí Leabharlanna Fhine Gall 

Guthán: 01 890 5537 / R-phost: [email protected]

 

Summer Stars launch