Seisiúin Aclaíochta ParkFit Fhine Gall

Sheol Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall clár píolótach 4 seachtaine Clár ParkFit, ag tosú an tseachtain an 30 Lúnasa, i mBaile Brigín, i mBaile Átha Cliath 15 agus i mBaile Maidheac.

Parkfit Meakstown

Sheol Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall clár píolótach 4 seachtaine Clár ParkFit, ag tosú an tseachtain an 30 Lúnasa, i mBaile Brigín, i mBaile Átha Cliath 15 agus i mBaile Maidheac. Beidh na ranganna aclaíochta saor in aisce seo ar fáil do dhaoine ar gach leibhéal cumais agus níl aon trealamh de dhíth. Mairfidh na ranganna 45 nóiméad agus tá siad á gcur ar fáil ag cóitseálaithe cáilithe.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly “Is cúis dóchais é go bhfuil spóirt amuigh faoin aer agus gníomhaíocht choirp ag teacht ar ais.  Tabharfaidh an clár pobalbhunaithe seo deis do chónaitheoirí Fhine Gall páirt a ghlacadh i gclár eile den scoth arna fhorbairt ag an Oifig Spóirt Fhine Gall.”

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Is tionscnamh iontach eile é seo arna fhorbairt ag Oifig Spóirt Fhine Gall. Tá súil agam go mbeidh pobal Bhaile Bhrigín, pobal Bhaile Átha Cliath 15 agus pobal Bhaile Maidheac in ann tairbhe a bhaint as na ranganna aclaíochta saor in aisce seo amuigh faoin aer. Tá an oiread buntáistí d'fholláine ghinearálta ag baint le bheith gníomhach. Go n-éirí libh! ”  

Chun clárú le haghaidh ceann de na cláir ParkFit, cliceáil ar an nasc seo a leanas data=04|01|[email protected] |9da11a6f369c4e959bf308d96ca49475|72dcfc23757145948154afe2c0bdea98|0|0|637660276387595556|Unknown|TWFpbGZsb3d8eyJWIjoiMC4wLjAwMDAiLCJQIjoiV2luMzIiLCJBTiI6Ik1haWwiLCJXVCI6Mn0=|1000&sdata=FhaozhoO4eQHd6JdhFBPItrye6dytWYCu8Rpb58oTsE=&reserved=0">https://learning.fingal.ie/course/view.php?id=186 nó chun tuilleadh eolais a fháil, dean teagmháil le Noel Mc Manus (Oifigeach Forbartha Spóirt Pobail Fhine Gall) [email protected] [email protected]

Ná bí buartha má chailleann tú an chéad cheann - beidh tú fós in ann clárú!.

Parkfit Dublin 15
Parkfit Balbriggan