Saothar ealaíne nua John Byrne a mbeidh oibrithe deonacha áitiúla i bhFine Gall mar chuid de

John Byrne at the Fingal Liam Rodgers Community Centre in Swords

Chuaigh cónaitheoirí Fhine Gall a bhí páirt acu sa mhórshaothar ealaíne le John Byrne, leis an ealaíontóir clúiteach agus lena fhoireann léiriúcháin ag Ionad Pobail Fhine Gall Liam Rodgers i Sord chun staidiúir a chur orthu le haghaidh seisiún grianghraf le haghaidh saothar ealaíne íocónach nua.

Arna choimisiúnú ag Comhairle Contae Fhine Gall faoin gClár Ealaíne Poiblí Bhonneagar 2018 – 2021, beidh an saothar ealaíne poiblí seo comhdhéanta de ghrianghraf mórscála a léireoidh agus a dhoiciméadóidh trasghearradh de na daoine atá ina gcónaí agus ag obair i bhFine Gall do bhuansaothar ealaíne a shuiteálfar sa Cheathrú Chultúrtha nua i Sord.

Tar éis moill dhá bhliain mar gheall ar an Covid 19, rinneadh an daichead a cúig oibrí deonach ó phobail éagsúla agus d’aoiseanna éagsúla ar fud an chontae a stíliú agus staidiúir a chur orthu ar seit a tógadh go speisialta don chumadóireacht ghrianghrafadóireachta. Ag obair go dlúth leis na hoibrithe deonacha, rinne Byrne córagrafaíocht orthu ina ngrúpaí ag déanamh léiriú ar shaol uirbeach agus tuaithe Fhine Gall, cuid acu a bhí i mbun tarraingt na téide.

John Byrne at the photo shoot for Public Art Programme

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr, Howard Mahony. “Tá tiomantas ar leith ag Comhairle Contae Fhine Gall d'infheistíocht chultúrtha agus d'fhorbairt na n-ealaíon laistigh dár gcontae agus do choimisiúnú saothair ealaíne a áiríonn agus a cheiliúrann ár bhféiniúlacht uathúil mar Fhine Gall. Tréaslaím  John Byrne agus a fhoireann, agus táim ag tnúth leis an saothar ealaíne críochnaithe i gCeathrú Cultúrtha I Sord a fheiceáil.”

Ag labhairt faoin saothar ealaíne coimisiúnaithe, dúirt John Byrne, “Is é an teideal oibre don phíosa ná ‘The Contest’, ag tabhairt aghaidh ar an tarraingt idir Fine Gall uirbeach agus tuaithe agus níos faide i gcéin. Baineann sé leis na bealaí conspóideacha a roghnaíonn muid maireachtáil. Déanfaidh sé tagairt láidir do dhá phictiúr stairiúla clúiteacha a rinneadh le linn am chorrach pholaitiúil. Déanfaidh oibrithe deonacha áitiúla Fhine Gall róil na gcarachtar i gcampaí i gcoinne a chéile.”

Dúirt Rory O’ Byrne, Oifigeach Ealaíon Contae Chomhairle Contae Fhine Gall, “Tá an chumhacht ag ealaín phoiblí a dhéantar i gceart i lámha ealaíontóirí seanbhunaithe ar nós John Byrne daoine a tharraingt le chéile laistigh de phobal, ar bhealach dearfach agus cuiditheach, chun a sainiúlacht agus áit a bhaile a cheiliúradh.”

Déanfar an íomhá ghrianghrafadóireachta a phriontáil ar phlátaí miotail, na hoibrithe deonacha a bhuanú sa saothar nua ealaíne seo, agus beidh sé lonnaithe go buan in áit fheiceálach sa Cheathrú Chultúrtha i Sord atá beartaithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chlár Bonneagair Chomhairle Contae Fhine Gall agus an t-ealaíontóir John Byrne tabhair cuairt ar: