Rothair Leictreacha Lasta faighte ag Gnóthaí Áitiúla ó Chomhairle Contae Fhine Gall

eCargo bikes launch Malahide

Beidh trí ghnó i bhFine Gall ag baint úsáide as rothair leictreacha i mí na Nollag ó tharla rothair leictreacha lasta nua a bheith faighte acu ó Chomhairle Contae Fhine Gall. Tá sé beartaithe go mbeidh na rothair leictreacha lasta in úsáid in ionad mótarfheithiclí chun ábhar a sheachadadh sa cheantar áitiúil. Mar chuid dá tiomantas do ghníomhú ar son na haeráide agus roghanna taistil inbhuanaithe a chur ar fáil, tá rothair á gcur ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall do ghnóthaí le haghaidh 12 mhí.

Seoladh an tionscnamh an tseachtain seo agus tugadh an chéad dhá rothar leictreacha lasta do ghnóthaí i Mullach Íde agus Domhnach Bat agus cuirfear tuilleadh rothar ar fáil an tseachtain seo in An Ros. Tá branda gach gnó curtha ar na rothair agus tá siad ceannaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall. Beidh Bleeper Bike freagrach as obair chothabhála a dhéanamh ar na rothair i rith an tionscadail phíolótaigh.

Áirítear na Rothair Leictreacha Lasta Seachadta i measc ceann amháin de roinnt tionscadal taisteal inbhuanaithe atá á reáchtáil ag an Roinn Comhshaoil, Gníomhú ar son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach. Le roinnt míonna anuas bhí Comhairle Contae Fhine Gall ag obair le clubanna spóirt ar an tionscnamh oideachais rothaíochta ‘Gear up for Training’ agus tá an bonneagar rothaíochta scoile á uasghrádú ar fud an chontae faoi láthair, tríd an gclár ‘Safe Routes to School’ agus tá oibreacha uasghrádaithe á ndéanamh ar lánaí rothar ar fud na chontae chun áiseanna siúil agus rothaíochta a fheabhsú do chónaitheoirí Fhine Gall. Cuireann an tionscadal seo le deiseanna Taisteal Gníomhach an phobail gnó den chéad uair riamh. 

Thagair Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, do shimplíocht an tionscadail. ‘Ní coincheap nua é earraí a sheachadadh trí úsáid a bhaint as rothar. Tráth dá raibh bhí earraí á seachadadh ag gach gnó i gciseán rothair. Inniu is féidir linn filleadh ar shaol níos simplí trí rothar a úsáid agus tairbhe a bhaint as réiteach a bhí in úsáid riamh anall. Ní theastaíonn ceadúnas tiomána ó rothaithe seachadta, tá sé níos saoire rothair a cheannach agus tá sé níos éasca iad a chothabháil agus árachas a cheannach ná mar atá le haghaidh carr nó veain, agus tá sé níos éasca rothar a pháirceáil freisin! Ciallaíonn na fachtóirí seo ar fad gur réiteach idéalach le haghaidh gnóthaí de gach méid iad rothair leictreacha lasta.’ 

Dúirt David Storey, Stiúrthóirí Seirbhísí Comhshaoil, Gníomhú ar son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach, go bhfuil an fhoireann sásta cur leis na roghanna inbhuanaithe atá ar fáil do phobal gnó Fhine Gall. ‘Inniu tá na chéad rothair leictreacha lasta BleeperBox á dtabhairt chomh fada le gnóthaí rannpháirteacha againn, agus cúis áthais dom go bhfuilimid ag leanúint ar aghaidh leis an tionscadal seo. Tá rochtain á tabhairt againn do ghnóthaí ar rogha seachadta inacmhainne, inbhuanaithe agus oiriúnach don aeráid chun earraí a thabhairt chomh fada le custaiméirí áitiúla.

Dúirt David Storey, Stiúrthóirí Seirbhísí Comhshaoil, Gníomhú ar son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach, go bhfuil an fhoireann sásta cur leis na roghanna inbhuanaithe atá ar fáil do phobal gnó Fhine Gall. ‘Inniu tá na chéad rothair leictreacha lasta BleeperBox á dtabhairt chomh fada le gnóthaí rannpháirteacha againn, agus cúis áthais dom go bhfuilimid ag leanúint ar aghaidh leis an tionscadal seo. Tá rochtain á tabhairt againn do ghnóthaí ar rogha seachadta inacmhainne, inbhuanaithe agus oiriúnach don aeráid chun earraí a thabhairt chomh fada le custaiméirí áitiúla.

As seo go ceann 12 mhí, déanfaimid monatóireacht ar an úsáid a bhainfear as na rothair, ar an tionchar a bheidh ag seachadadh rothair ar conas a dhéantar gnó agus ar an tionchar ar an timpeallacht i gcomparáid leis na gnáthmhodhanna seachadta.  Beidh aiseolas rialta á fháil againn ó na gnóthaí maidir le conas atá na custaiméirí ag freagairt don tseirbhís.’ 

Seo a leanas na trí ghnó atá roghnaithe chun páirt a ghlacadh sa chéim tosaigh de thionscadal na rothar leictreach lasta:

  • The Village Garden Centre, Mullach Íde
  • Altitude Coffee, Domhnach Bat
  • Bialann Jack the Bachelors, An Ros

Roghnaíodh gach gnó as liosta d’iarratasóirí a léirigh spéis sa tionscadal agus tá siad ar fad seiceáilte. Áiríodh i measc na gcritéar suíomh, dobharcheantar, praiticiúlacht seachadadh rothar agus minicíocht úsáide measta.

Dúirt Hugh Cooney, POF Bleeper Bike, go bhfuil sé ag súil go n-éireoidh go breá leis an tionscadal nuair a thosaíonn daoine ag baint úsáide as na rothair. ‘Tá úsáid á baint as an teicneolaíocht is déanaí inár rothair leictreacha lasta, tá siad éadrom agus éasca le húsáid rud a chiallaíonn go bhfuil siad oiriúnach le haghaidh seachadadh áitiúil. Chomh maith leis sin, baileoimid sonraí de réir mar a bheidh siad in úsáid a chabhróidh linn teacht ar thuiscint ar an tionchar atá ag an rothar ar an ngnó agus cá háit agus conas is fearr a úsáidtear iad. Cabhróidh na sonraí sin linn pleananna a dhéanamh chun úsáid éifeachtach a bhaint as rothair leictreacha lasta seachadta.’

Ó tharla béim ar leith a bheith á leagan ar shiopadóireacht na Nollag a dhéanamh i siopaí áitiúla i mbliana, síleann Comhairle Contae Fhine Gall gur am maith é seo chun an tionscadal a sheoladh agus táthar ag moladh do gach duine cuairt a thabhairt ar shiopaí áitiúla agus dul chuig bialanna áitiúla nuair a bhíonn siad ag siopadóireacht i mí na Nollag. Beidh na rothair leictreacha lasta nua ar an mbóthar inniu, bí ag faire amach dóibh i do cheantar féin!

 

Altitude Coffee eCargo bike delivery
Mayor, Actie Travel team, business owners and Bleeper team at launch of eCargo bikes