Rinneadh ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge 2024 i bhFine Gall le ceolchoirm iontach in Áras an Chontae

Tháinig an Aitriam in Áras an Chontae, Sord chun beatha le fuaimeanna binne an cheoil traidisiúnta ag ceiliúradh ‘Ceol, Craic agus Gaeilge’ do Sheachtain na Gaeilge Dé Céadaoin, 13 Márta, 2024.

Seachtain na Gaeilge County Hall 24 - 9

Tháinig an Aitriam in Áras an Chontae, Sord chun beatha le fuaimeanna binne an cheoil traidisiúnta ag ceiliúradh ‘Ceol, Craic agus Gaeilge’ do Sheachtain na Gaeilge Dé Céadaoin, 13 Márta, 2024. Arna thabhairt daoibh ag Comhairle Contae Fhine Gall agus ag Ionad Ealaíon Shéamuis Ennis, d’fhreastail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly, agus na Comhairleoirí Paul Mulville agus Darragh Butler ar an gceolchoirm chomh maith le lucht féachana thar a bheith fonnmhar. Ba iad na triúr ceoltóirí sárchumasacha Ellie Níc Fhionnghaile, Dónal Kearney agus Fergus Cahillane a chuir an tsiamsaíocht ar fáil.

Is fidléir agus amhránaí traidisiúnta í Ellie Níc Fhionnghaile as Gleann Cholm Cille, Gaeltacht in Iardheisceart Dhún na nGall áit ar fhoghlaim sí ó cheoltóirí áitiúla ar nós James Byrne nach maireann, Mick Brown agus Cití Seaín Uí Chuinneagáin nach maireann.  Is amhránaí as Contae an Dúin é Dónal Kearney a bhíodh ina aonréadaí le ANÚNA a bhfuil cónaí air i bhFine Gall. Tá sé ina chomhbhunaiteoir ar Institiúid Cheoil agus Amhrán na hÉireann i mBaile Brigín agus ar Chlub Ceol Tíre na Sceirí.  Taibhíonn Fergus Cahillane faoin ainm stáitse FARÓ agus tá sé ina óstach ar Sheisiúin Amhránaíochta TSEAC. Tá sé tar éis dul ar camhcuairt ar fud na Stát Aontaite, na hEorpa agus na hÁise mar amhránaí agus mar ilionstraimí.

Seachtain na Gaeilge 2024 County Hall 23

Tráthnóna iontach a bhí ann inar chas na hamhránaithe a gcuid amhrán álainn, amhráin ársa den chuid is mó, agus inar roinn siad na scéalta taobh thair díobh i nGaeilge agus i mBéarla leis an lucht féachana fonnmhar, cuid acu a chas a n-amhrán féin. I láthair freisin bhí Allanah, duine de na daoine a fuair Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta Chomhairle Contae Fhine Gall.  I scéim nua a tugadh isteach i 2024, bhronn Comhairle Contae Fhine Gall 10 bpáirt-Scoláireachtaí Gaeltachta de €500 ar Dhaltaí Dara Leibhéal.  Bhí suim ollmhór sa scéim ina raibh breis agus 500 iarrthóir agus tá sé beartaithe dámhachtain bhliantúil a dhéanamh de seo. 

Thréaslaigh Ellie Níc Fhionnghaile a d’fhás aníos sa Ghaeltacht, le Allanah agus dheimhnigh sí di go mbeadh am iontach aici ar a cúrsa. Labhair sé faoi theaghlach a bhfuil aithne aici air a thosaigh ag dul go dtí an Ghaeltacht agus anois bhí an traidisiún tar éis dul ar aghaidh chuig a gclann agus a dteaghlaigh féin a fhilleann ar an gceantar céanna gach bliain mar gur cuireadh an grá don Ghaeltacht agus don teanga ar aghaidh ó ghlúin go glúin.  

Gaeltacht Scholarship 2024 Alannah

Labhair Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy faoina iarrachtaí féin feabhas a chur ar a scileanna Gaeilge agus mhol sé an obair atá á déanamh ag Comhairle Contae Fhine Gall tríd an bPríomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly agus an tOifigeach Gaeilge Bernie Kelly, maidir le cur chun cinn na teanga trí imeachtaí mar seo le linn Sheachtain na Gaeilge agus trí scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta. 

Lean an Méara Henchy air: ‘Is deis í Seachtain Na Gaeilge do gach duine, fiú daoibhse a bhfuil roinnt taithí agaibh ar an teanga, glacadh léi agus triail a bhaint as Cúpla Focal. Tá fíoráthas orm an díograis don teanga a fheiceáil anseo anocht agus agus ba mhaith liom sibh a mholadh as an obair atá ar siúl agaibh go léir chun an teanga a chur chun cinn i bhur bpobail agus i bhur dteaghlaigh féin i bhFine Gall.’

Seachtain na Gaeilge County Hall 24

Ag labhairt di faoi Sheachtain na Gaeilge, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá ár dteanga agus ár gcultúr fíorthábhachtach agus is iontach an rud é tacú leis seo agus é a cheiliúradh leis an iliomad imeachtaí a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge. Cuirimid oiliúint ar fáil freisin don fhoireann agus tá áthas orm a rá go bhfuil 14 ball eile dár bhFoireann díreach tar éis tosú ar an gcúrsa don Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil. Ba mhaith liom moladh a thabhairt freisin do na grúpaí pobail iontacha i bhFhine Gall atá ag obair chun an teanga a chur chun cinn ní hamháin le linn Sheachtain na Gaeilge ach i rith na bliana ar fad."

Seachtain na Gaeilge County Hall 24 - 21

D’óstáil Leabharlanna Fhine Gall go leor imeachtaí freisin do Sheachtain na Gaeilge lena n-áirítear seisiúin cheoil thraidisiúnta, ceardlanna Bodhrán Beats, am scéalaíochta teaghlaigh, scéalta béaloidis, filíocht dhátheangach agus deis féachaint ar an Scannán Ar Ais Arís as Gaeilge ar fhearais chinn 3T.  I measc na n-imeachtaí eile bhí siúlóid dhátheangach i nDiméin Ard Giolláin, preab-Ghaeltacht agus taispeáint den scannán An Tine Bheo in Ionad Ealaíon Shéamuis Ennis agus neart imeachtaí eile ar fud an chontae.

 

Seachtain na Gaeilge 24 County Hall -06
Seachtain na Gaeilge 24 County Hall