Rath ar Bhaile Hartaigh le seacht nGradam an Bhrait Ghlais bainte amach ag Páirceanna Fhine Gall

Ba chúis mhór bróid d'Fhine Gall nuair a fógraíodh Páirc Bhaile Hartaigh mar Pháirc a bhuaigh an Brat Glas, rud a mhéadaíonn líon iomlán na bpáirceanna le Brat Glas i bhFine Gall go seacht

Hartstown Park Entrance

Ba chúis mhór bróid d'Fhine Gall nuair a fógraíodh Páirc Bhaile Hartaigh mar Pháirc a bhuaigh an Brat Glas, rud a mhéadaíonn líon iomlán na bpáirceanna le Brat Glas i bhFine Gall go seacht. Bronnadh dhá Ghradam Pobal an Bhrait Glas ar Chomhairle Contae Fhine Gall freisin nuair a d’fhógair seirbhís Oideachas na Timpeallacht de chuid An Taisce Gradaim an Brat Glas na blianan 2023, ag tabhairt aitheantais do na Páirceanna Poiblí agus na Spásanna Glasa faoin mbainistíocht is fearr in Éirinn.

Sé Gradam an Bhrait Ghlais tagarmharc idirnáisiúnta na cáilíochta d’earnáil an spáis ghlais phoiblí – ag feidhmiú le breis agus 25 bhliain faoi láthair. Mar aon le Páirc Bhaile Hartaigh a bronnadh le déanaí, b'iad Páirceanna Fhine Gall a choinnigh an gradam acu ná Páirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir; Diméin Sheantraibh; Teach agus Feirm an Droichid Nua, Domhnach Bat; Páirc Naomh Caitríona, Leamhcán; Diméin Mhullach Íde agus Diméin Ard Giolláin, Baile Brigín. Bronnann Gradam an Bhrait Ghlais do Pháirceanna tagarmharcáil an bharrfheabhais i mbainistiú spásanna glasa atá oscailte don phobal agus bronnadh é ar 101 pháirc, ghairdín, thailte agus thearmann an fhiadhúlra ar fud na tíre.

Bronann Gradam Pobail an Bhrait Ghlais an gradam ar thionscnaimh an phobail ar nós Gairdíní an Phobail, Páirceanna an Phobail agus Tionscadail na mBailte Slachtmhara. Bhain Gairdín Pobail Sheantraibh agus Gairdín na Carraige i Sord an gradam amach arís sa bhliain 2023. Trí aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag grúpaí áitiúla, cabhraíonn Gradam seo an Phobail seo le grúpaí an phobail a chumasú chun a gcuid cheantar agus a gcuid thimpeallachtaí áitiúla a fheabhsú.

Hartstown Park Trail

Lonnaithe i mBaile Átha Cliath 15, is saoráid áineasa a bhfuil an-éileamh uirthi í Páirc Bhaile Hartaigh, a cuireann mórán áiseanna ar fáil, lena n-áirítear páirc imeartha uile-aimsire, cosáin reatha, cosáin siúil agus áiteanna súgartha agus déantar á mbainistiú go hinbhuanaithe le cur chuige saor ó cheimiceáin. Chuir Comhairle Contae Fhine Gall tús le clár oibreacha feabhsúcháin 3 bliain don pháirc sa bhliain 2020 tar éis dul i gcomhairle suntasach leis na geallsealbhóirí go léir. Tá méadú suntasach tar éis teacht ar dheiseanna caitheamh aimsire éighníomhacha agus gníomhacha laistigh den pháirc mar thoradh ar an gclár seo, lena n-áirítear trealamh aclaíochta d'aosaigh, saoráid na gcalisteinicí, rian aclaíochta coillearnaí do leanaí, agus Achar Ilúsáide lánmhéide.na gCluichí.

Tá clár bainistíochta na gcrann i bhfeidhm agus bunaíodh móinéir bláthanna fiáine chun bithéagsúlacht na páirce a mhéadú, agus cuireann na suíocháin bhreise ar chumas a gcuid úsáideoirí taitneamh a bhaint as tréimhse fhada sa pháirc. Rinneadh na bealaí isteach a uasghrádú, feabhsúchán a raibh an-tóir air i measc úsáideoirí na páirce, agus fógraíonn an saothar dealbhóireachta ag an bpríomhbhealach isteach go bródúil go bhfuil tú tar éis teacht isteach ar an bpáirc. Bíonn Parkrun ar siúl i bPáirc Bhaile Hartaigh gach Satharn chomh maith le mórán imeachtaí eile.

Ag labhairt dó faoi na gradaim, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Tá mór-áthas orm gur aithníodh sár-Pháirc Bhaile Hartaigh mar an seachtú páirc i bhFine Gall a bhain stádas an Bhrait Ghlais amach. Mar an gcéanna leis an 6 pháirc eile a bronnadh an gradam oorthu, tá raon ollmhór na n-áiseanna ar fáil i bPáirc Bhaile Hartaigh, agus tá a fhios ag gach éinne againn ar bhuntáistí na sláinte agus na taitneamhachta a chuireann páirceanna ar fáil dúinn. Maith sibh na baill foirne agus na hoibrithe deonacha ar fad a d’oibrigh chun na caighdeáin an-arda, a n-aithnítear i ngradaim seo an Bhrait Glas agus an Phobail, a bhaint amach .”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh lenár bhfoireann i bPáirc Bhaile Hartaigh agus leis an bhfoireann uile againn i mBhonneagar agus na hOibríochtaí Glasa agus o Rannóg na bPáirceanna Glasa chomh maith le grúpaí an Phobail a bhfuil a gcuid oibre á aithint sna gradaim seo. Léiríonn gradaim an Bhrait Ghlais díogras agus infheistíocht Chomhairle Contae Fhine Gall maidir le páirceanna a chur ar fáil atá arna mbainistítiú go hinbhuanaithe agus a gcuireann áiseanna agus nithel spéise ar ardchaighdeán ar fáil do chaitheamh aimsire atá cuimsitheach agus inrochtana don phobal ar fad.”

Dar le Kevin Halpenny, Ceannfort Sinsearach na bPáirceanna ag Comhairle Contae Fhine Gall: “Is páirc chomharsanachta bhríomhar ar mhór-úsáid í Páirc Bhaile Hartaigh agus cuireann sí go mór le gradaim an Bhrait Ghlais againne a aithníonn an sármhaitheas i soláthar agus i mbainistiú na bpáirceanna poiblí. Geallann Comhairle Contae Fhine Gall go leanfaidh sí ar aghaidh le seirbhísí ar ardchaighdeáin a chur ar fáil maidir lenár bpáirceanna agus lenár spásanna oscailte a phleanáil, a chothabháil agus a fhorbairt.”

Tá tuilleadh eolais faoi spásanna oscailte i bhFine Gall ar fáil ag: https://www.fingal.ie/trips/find-heritage-property-park-or-open-space

Hartstown Park
Hartstown Park equipment and allweather