Osclaíonn Méara Fhine Gall Gairdín Shackleton go hoifigiúil

Tá céim mhór chun tosaigh tógtha ag forbairt Ghairdín Shackleton i gCluain Saileach agus an oscailt oifigiúil ag Méara Fhine Gall ar siúl níos luaithe inniu, an 17 Meán Fómhair.

Tánaiste and Mayor unveiling Shackleton Plaque

Ó ghlac sí seilbh ar Ghairdín Shackleton in 2017, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair ar a athchóiriú d’fhonn an Gairdín a oscailt don phobal mar shócmhainn thábhachtach áitiúil, díol spéise do chuairteoirí agus sócmhainn turasóireachta i gceantar Bhaile Átha Cliath 15. Is éard a bhí i gceist leis na hoibreacha athchóirithe codanna móra de bhallaí an ghairdín a atógáil, uasghrádú ar na cosáin agus athchóiriú ar fhoirgnimh an ghairdín. Tá na hoibreacha mar chuid d’infheistíocht €400,000 ó Chomhairle Contae Fhine Gall agus Fáilte Ireland.

 

Inniu, an 17 Meán Fómhair, d’oscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Gairdín Shackleton go hoifigiúil i láthair an Tánaiste, Leo Varadkar, TD, Comhairleoirí Contae Fhine Gall, baill an Oireachtais, Oibrithe Deonacha agus baill de Theaghlach Shackleton.

 

Osclófar an Gairdín don phobal ón Luan seo chugainn, an 20 Meán Fómhair, ar aghaidh. Beidh sé ar oscailt don phobal i dtosach ó 10am go 3pm, Luan go Déardaoin, agus ó 9am go 1pm Dé hAoine.

 

Ag labhairt dó ag an seoladh inniu, dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Seána Ó Rodaigh: “D’oibrigh Comhairle Contae Fhine Gall, oibrithe deonacha Ghairdín Shackleton agus ár gconraitheoirí gan staonadh le cúpla bliain anuas d’fhonn na gairdíní áille seo a athchóiriú. Is cúis mhór áthais dom a bheith anseo inniu agus an méid ollmhór oibre atá déanta leis an tionscadal seo a fheiceáil. Tá áthas orm a bheith in ann Gairdín Shackleton a oscailt go hoifigiúil inniu agus táim ag tnúth le cónaitheoirí agus cuairteoirí Fhine Gall a fheiceáil ag baint taitneamh as an áis iontach seo i gceantar Bhaile Átha Cliath 15 nuair a osclóidh sé don phobal."

Tá réimse leathan plandaí neamhchoitianta agus coimhthíocha sna Gairdíní, atá taobh istigh de gharraí daingean 1.5 acra, lena n-áirítear bailiúchán tábhachtach de ilbhliantóga luibheacha, a fhástar i gciumhsóga móra bláthanna.

I rith na 1980idí, cuireadh na gairdíní san áireamh sa Good Gardens Guide agus bronnadh dhá réalta orthu. Is é seo an gradam is airde a bhronn Good Gardens Guide agus ní bhíonn ann le feiceáil ann na gairdíní is fearr in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór.

 

Tá spéis shuntasach ag an bpobal freisin i stair Theaghlach Shackleton agus an bhaint atá acu leis an nGairdín. Leanfaidh an Chomhairle ag úsáid liosta mionsonraithe plandaí 1994 a thiomsaigh Teaghlach Shackleton mar bhunlíne do bhainistíocht leanúnach an bhailiúcháin plandaí.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá ríméad orm Gairdín Shackleton a fheiceáil ar oscailt go hoifigiúil inniu. Tarraingeoidh an Gairdín turasóirí go Bhaile Átha Cliath 15 agus cuirfidh sé go mór le Conair Ghleann na Life i bhFine Gall. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a d’oibrigh ar an tionscadal seo le cúpla bliain anuas. Ba chóir go mbeadh sibh féin, an Chomhairle agus teaghlach Shackleton an-bhródúil as. Is mór an onóir dom a bheith ag an seoladh oifigiúil inniu agus táim ag tnúth leis an spás álainn seo agus an bailiúchán fairsing plandaí a roinnt leis an bpobal."

 

Dúirt Orla Carroll, Stiúrthóir Forbartha Táirgí Fáilte Ireland: “Cuid lárnach dár dtéarnamh tar éis COVID is ea taitneamhachtaí do chuairteoirí intíre agus idirnáisiúnta a fhorbairt. Tá Fáilte Ireland tiomanta do thaitneamhachtaí den scoth a fhorbairt timpeall na hÉireann agus táimid ar bís doirse Ghairdín Shackleton a oscailt do chuairteoirí. Tá na garraithe daingne agus na tithe gloine athchóirithe go hálainn agus tá comharthaíocht agus léirmhíniú nua suiteáilte chun scéal an bhailiúcháin iontach plandaí seo a insint agus eispéireas na gcuairteoirí a fheabhsú."

 

Tá Gairdín Shackleton faoi fhad siúil de dhaonra mór uirbeach i mBaile Átha Cliath 15 agus tá sé díreach in aice leis an stáisiún iarnróid comaitéireachta ag Cluain Saileach. De bharr éascaíocht rochtana ar iarnród, bus, bóthar agus siúl na gcos tarraingeoidh an Gairdín muintir na háite agus turasóirí araon.

 

Tá tuilleadh sonraí faoi thionscadal Ghairdín Shackleton ar fáil ag fingal.ie.

 

 

Chief Executive, Tánaiste, Mayor and Fáilte Ireland Director at Shackleton Garden
Shackleton Garden Plaque